Bígí ag Gael-iascaireacht!

Le blianta beaga anuas tá Gaeil Bhéal Feirste ag gníomhú chun athbheochan na Gaeilge agus an phobail a chothú sa chathair cois cuain.

Naoi mbliana ó shin bunaíodh Cumann CLG Laochra Loch Lao, a bhíonn ag glacadh páirte i gcomórtas Peile na Gaeltachta gach bliain, agus anuraidh cuireadh tús le Cumann Rothaíochta Loch Lao chun deis eile a thabhairt do Ghaeil na cathrach a dteanga a úsáid i gcomhthéacs spórtúil agus sóisialta.

Táthar anois ag cur leis na deiseanna sin mar go bhfuil Cumann Iascaireachta bunaithe le tamall beag anuas ag daoine agus oibrithe óga ón eagras Glór na Móna in iarthar Bhéal Feirste.

Sin spórt é an iascaireacht a shamhlófá le ceantar uirbeach de ghnáth ach tá tóir uirthi i measc cuid de phobal na Gaeilge agus tá siad anois ag iarraidh tuilleadh daoine a mhealladh ina treo.

“Is é an sprioc atá againn ná an Ghaeilge a chur chun cinn tríd an iascaireacht, rud a chuirfeas le forbairt teanga, phearsanta agus shóisialta na mball,” arsa Conchúr Mac Siacais ón Chumann.

“Tá an club oscailte do dhaoine atá líofa, daoine atá ag foghlaim, daoine a bhfuil cúpla focal acu agus fosta iad siúd nach bhfuil Gaeilge acu ach atá ag iarraidh í a fhoghlaim.”

Fir agus mná araon atá páirteach sa Chumann agus is léiriú den scoth é ar na bealaí nua atá in úsáid ag Gaeil chun an t-eispéireas Gaelach a dhéanamh níos iomláine agus chun an teanga a thabhairt isteach i ngach gné den saol.

Beidh rang ar siúl ag an Chumann Iascaireachta Dé Luain 29 Meitheamh ar 6in chun eolas a chur ar fáil faoin trealamh iascaireachta, faoin éiceachóras, faoin timpeallacht, faoi chúrsaí sláinte agus faoin tsábháilteacht a bhaineann leis an iascaireacht.

I measc na n-imeachtaí eile atá eagraithe tá turais lae iascaireachta chuig aibhneacha áitiúla le linn mhí Iúil agus Lúnasa mar sin dá mba mhian leat foghlaim faoin iascaireacht, craic bheith agat i gcomhluadar Gaelach agus iasc a cheapadh (b’fhéidir!), gabh i dteagmháil le Cumann Iascaireacht Loch Lao ar (028) 9023 4442 nó seol rphost chuig oifig@glornamona.com

iascaireacht

SCÉALTA EILE