Bíodh BÁC ina chlós súgartha!
Beirt ag dreapadh ar fud na hardchathrach


Tá físeán eisithe ag péire lúthchleasaithe Éireannacha a bhainfidh an anáil díot mar a dhreapann siad cuid de na críoch-chomharthaí is aitheanta i mBaile Átha Cliath.

Is iad Daragh O’Connor agus Ciarán Ó Scanláin an bheirt chróga a thug faoina gcuid scileanna dreapadóireachta a thriail taobh amuigh den Bhanc Ceannais, ar Dhroichead na Leathphingine agus ar Leacht Uí Chonaill.

Bíonn deis ag Ó Scanláin beannú do na turasóirí fiú, agus é ag crochadh as bun an droichid!

Ní mó ná sásta a bhí cúpla Garda leis an ailleadóir O’Connor áfach, ach glacann muid leis gur chuir a thallann faoi gheasa iad agus gur ligeadh ar shiúil é sa deireadh…

An t-aon rud gur féidir linn a rá ná ná déan seo sa bhaile!