Dé Sathairn, sheol mé tvuít amach faoi bhuachaill óg a bhí ar an DART chuig Staid Aviva. Bhí sé ag caint lena athair faoi imreoirí na hÉireann, agus níor éirigh le Daid focal a shá sa chomhrá. Las súile an bhuachalla nuair a chonaic sé an staid tríd an bhfuinneog. Bhí iontas an domhain air.
Ag siúl ón traein, lean sé air ag caint, agus thosaigh sé ag míniú d’éinne a bhí in aice leis gurbh é Keith Earls “the man”. Scipeáil sé in áit siúil.
Chonaic mé an buachaill céanna níos déanaí, agus bhí tacadóir éigin ag ceangal brat na hÉireann timpeall a ghuaillí. D’fhéadfá a fheiceáil go bhfanfadh an lá seo ina chuimhne ar feadh i bhfad.
Chuir an eachtra bheag seo tús le lá spóirt den scoth. In Óstán Dhumhach Thrá, d’ól lucht leanúna na bhfoirne piontaí go ciúin, ag comhrá faoin gcluiche a bhí le teacht agus ag tabhairt bualadh bos do dhá chúl luatha ó Marcus Rashford sa chluiche sacair ar an teilifís. B’áit í do chách, Manchúraigh ina measc.
Bhí atmaisféar ann nár bhraith mé le fada.
Nuair a shroich mé an staid, d’aimsigh mé mo shuíochán, a bhí i measc lucht tacaíochta mór millteach na hAlban. Ach thuig mé go tapa gurbh é lár mo leasa é.
Chan siad a n-amhrán náisiúnta mar a chanfaí dá mbeidís ag imirt sa bhaile i nDún Éideann. Bhí siad glórach, muiníneach, agus bródúil, agus chan gach uile dhuine acu amhail is go mbronnfaí duais ar an tacadóir is bródúla.
Thart ar dheich nóiméad tar éis do Wayne Barnes an fheadóg a shéideadh, ba bheag nár bhuail taom croí mé nuair a chuala mé an fhuaim chaol a tháinig ó phíb mhála taobh thiar díom. Ach ansin d’aithin mé ‘Molly Malone’, agus chan an slua leis an bpíobaire. Bhí a stór ceoil beagnach chomh mór lena scamhóga.
Bhí grúpa eile ó Albain taobh thiar dó agus shocraigh siad wave a fháil ó Stuart Hogg. Lean siad ag canadh “Hoggy Hoggy Hoggy – Oi Oi Oi” agus “Come on Hoggy give us a wave” go dtí gur chas sé timpeall agus meangadh gáire air, rud a mheall gáir mholta ollmhór ón slua. Cé go raibh Éire 21-3 chun tosaigh ag an am seo, bhí muintir na hAlban ag baint taitneamh as an radharc glórmhar.
Dúirt Éireannach amháin, a bhí ina shuí ina aonar – agus ní haon ionadh go raibh – leis an bpíobaire éirí as an gceol. An freagra a tugadh air? “You’re winning you miserable git, enjoy yourself!” Lean an píobaire air.
Tar éis an chluiche, lean lucht leanúna na bhfoirne orthu ag canadh agus ag gáire lena chéile agus, nuair a bhíomar ag siúl amach as an staid, sheinn píobaire na hAlban ‘Ireland’s Call’, agus chan na hÉireannaigh go léir leis. Bhí Lá Fhéile Pádraig tagtha go luath.
Lean an chraic ar aghaidh lasmuigh de theach tábhairne Mary Mac’s, áit a raibh gach duine ina Fhrancach ar feadh cúpla uair an chloig. Nuair a séideadh an fheadóg dheireanach, a thug an craobhchomórtas d’Éirinn, phléasc an slua le gártha. Bhí na hÉireannaigh ag ceiliúradh, ach bhí lucht leanúna na hAlban i lár an aonaigh chomh maith.
Seinneadh an phíb mhór lasmuigh agus laistigh den teach tábhairne, agus sheinn an banna ceoil ‘Flower of Scotland’. Ní cheapfá gur chaill siad níos luaithe an lá sin; agus ní cheapfá gur i mBaile Átha Cliath a bhí tú ach oiread.
B’iontach an lá a bhí ag lucht leanúna na hÉireann mar gheall ar an mbua mór, ach ba cheart dúinn a bheith thar a bheith buíoch as ionchur na dturasóirí freisin.