Tá Gaelú déanta ag duine de lucht leanúna na peile Meiriceánaí ar ainmneacha na bhfoirne is mó a bhíonn le feiceáil i mbun an spóirt, agus tús curtha an tseachtain seo le séasúr nua peile sna Stáit Aontaithe.
Thaitin an léarscáil de logainmneacha Gaelaithe Mheiriceá a dhear Eoin P Ó Murchú do NÓS níos luaithe i mbliana chomh mór sin le Cian Cairbreach, gur chrom sé féin ar aistriú na n-ainmneacha foirne a bhíonn ag imirt sna stáit, agus rian den ghreann céanna a chuir Eoin P ag obair ar a léarscáil féin le sonrú orthu.
“Os rud é go bhfuil NFL Mheiriceá tosaithe an tseachtain seo, rinne mé iarracht ainmneacha na bhfoirne uilig a aistriú go Gaeilge. Bhí pleidhcíocht i gceist le cuid acu, cuirfidh mé iad agus mo réasúnaíocht anseo d’éinne a bhfuil suim acu iontu.
“”Rinneas mo chuid aistriúcháin go neamhspleách, ach níl dabht gur spreag an léarscáil seo ó @murchadhmor agus @nosmag an smaoineamh ionam é seo a dhéanamh (agus feicim anois go bhfuil cúpla cosúlacht ann!” a dúirt Cian ar Twitter.
Rinne Cian a chuid taighde i gceart agus bhreathnaigh ar stair na bhfoirne agus cúlra na n-ainmneacha atá orthu agus é ag iarraidh leagan feiliúnach Gaeilge a bhronnadh orthu in am do thús an tséasúir peile an tseachtain seo.
An fhoireann deireanach CPM Thuaidh; Cruachaigh Dhún Phitt (Pittsburgh @steelers). Tá’n chathair ainmnithe do Pitt the Elder. Mí-ádhmhar go bhféadfá brí eile a bhaint as ‘Dún Phitt’… ach leanfaimid ar aghaidh pic.twitter.com/EyrygecsBV
— Cıan Caırbreaċ (@ciancairbreach) September 13, 2020
Ar na hainmneacha a roghnaigh sé, tá leithéidí ‘Naoimh Chinn Óir’ (New Orleans Saints), foireann a imríonn i stát Louisiana.
“D’oibrigh an ceann seo go maith, agus is breá liom é. An ‘Orléans’ sa Fhrainc, as ar ainmníodh ‘New Orleans’ Mheiriceá, ainmníodh as ‘gens Aurelia’ í, clann Rómhánach a ainmníodh mar gheall ar a bhfolta órga, nó i bhfocail eile, a gcinn óir,” a mhínigh Cian dá leantóirí ar Twitter.
Scríobh Cian snáithe iomlán ar an ábhar agus ainmneacha tugtha aige ar bhreis agus 30 foireann peile i Meiriceá.
Tá cuid de na hainmneacha foirne bunaithe ar thírdhreach na n-áiteanna ina bhfuil siad lonnaithe— ar nós na Detroit Lions agus na Green Bay Packers; cuid acu ainmnithe as daoine áirithe — ar nós Cleveland Browns; agus cuid eile fós a bhaineann leis na bundúchasaigh a bhí sa cheantar roimh theacht na nEorpach.
Coirnigh Shaíathill: Seattle @Seahawks. Ceann éagsúil, ainmnithe do Thaoiseach Si’ahl na Duwamish & Suquamish, tá an ‘l’ sin ag an deireadh cosúil le ‘ll’ na Breatnaise. Rinneas m’iarracht is fearr sin a chuir trasna sa leagan Gaelach. pic.twitter.com/XTkGJBp5Wb
— Cıan Caırbreaċ (@ciancairbreach) September 13, 2020
Mhínigh Cian na cúiseanna éagsúla a thug air na leaganacha áirithe Gaeilge sin a roghnú do na foirne éagsúla go beacht ina shnáithe giolcacha, ach sa chás nach raibh le déanamh ach ainm a aistriú caol díreach go Gaeilge, rinne sé é sin — Béir Shiceagó agus Tíotáin Thanasaí, mar shampla.
“Maidir le meas a léiriú ar Bhundúchasaigh Mheiriceá, chinneas gan bhacadh le Indianapolis, toisc go bhfeictear dom go dtagann an t-ainm ó théarma maslach ar na Bundúchasaigh chéanna. Mar sin, Na Bromaigh atá agam ar Indianapolis Colts,” a mhínigh sé.
Is féidir an snáithe iomlán a fheiceáil thíos.
Os rud é go bhfuil #NFL Mheiriceá 🏈 tosaithe an tseachtain seo, rinne mé iarracht ainmneacha na foirne uilig a aistriú go Gaeilge. Bhí pleidhcíocht i gceist le cuid acu, cuirfidh mé iad agus mo réasúnaíocht anseo d’éinne a bhfuil suim acu iontu.
— Cıan Caırbreaċ (@ciancairbreach) September 13, 2020