Caillteanas lagmhisniúil agus bua in aisce: deireadh an bhóthair do Stephen Kenny

Deirtear gur fada an t-achar seachtain sa pholaitíocht, ach léirigh an chodarsnacht idir an dá thaispeántas a thug foireann na hÉireann uathu, oíche Aoine an 13 Deireadh Fómhair agus oíche Luain an 16 Deireadh Fómhair, gur faide an t-achar trí lá sa sacar.

Is cinnte, áfach, go raibh an chéad chluiche acu siúd ar an achar 90 bomaite ab fhaide a d’fhulaing lucht leanúna na hÉireann le fada an lá.

Deirim “le fada an lá” – d’fhéadfá an cás a dhéanamh nach dtéann an churiarracht áirithe sin siar ach go dtí an cluiche a d’imir Éire agus an Ghréig in aghaidh a chéile i mí Meithimh. Ar an suíomh seo coicís ó shin, scríobh mé go raibh bun agus barr scéal Stephen Kenny mar bhainisteoir na hÉireann le feiceáil sa dá chluiche seo i gcoinne na Gréige.

Más rud é gurbh é an chéad chluiche an buille marfach don ré sin, cuireadh an tarcaisne i gceann na héagóra le cuairt ghaisce Gus Poyet agus a fhoireann ar Bhaile Átha Cliath oíche Aoine.

Ag deireadh an chluiche, chuala Stephen Kenny an t-aon torann atá níos measa ná faíreach ard ón slua ag an fhéadóg dheiridh – iarracht fhuar-bhruite ar fhaíreach uathu siúd nach raibh tar éis Bóthar Lansdúin a fhágáil faoin 90ú bomaite.

Tháinig an t-aon torann suntasach eile sa dara leath, nuair a d’éirigh le gasúr óg sa seastán liathróid a ciceáladh isteach ann a ghabháil roimh na maoir. In ionad a bheith ag leanúint an chluiche, chaith cuid mhaith de lucht na seastán thuaidh agus thoir an 20 bomaite deireanach ag pasáil na liathróide eatarthu féin agus ag ligean gártha molta gach uair a d’éirigh leo í a choinneáil ó na maoir.

Bhí an méid sin mar achoimre chruinn ar a raibh ag titim amach ar an pháirc.

Ní mar sin a bhí sé áfach. I ndiaidh trí bhomaite, ghearr Chiedozie Ogbene – a chruthaigh fadhbanna don Ghréig ina aonar ar an chliathán dheas – isteach sa bhosca le seans láidir a chur ar fáil do Will Smallbone. Bomaite ina dhiaidh sin, shleamhnaigh Evan Ferguson isteach ón taobh chéanna, le hiarracht ghleoite a chuimil imeall an chuaille.

Is dócha go raibh an easpa tacaíochta a fuair Ogbene agus é ag ionsaí an chliatháin leis féin ina chomhartha ar a raibh le teacht.

Thuisligh Kostas Tsimikas thar Ogbene ag an taobhlíne i leath na hÉireann tar éis 20 bomaite. Sheas Matt Doherty os a chomhair, ar nós go raibh faitíos air an Gréigeach eile ar an chliathán a fhágáil saor le pas trasna a chur isteach. Thapaigh Tsimikas an deis, ag cur pas trasna foirfe idir Nathan Collins agus Liam Scales i lár an bhosca. Bhí Giorgos Giakoumakis ag fanacht ann le buille cinn cumhachtach a chur thar Gavin Bazunu agus an slua a chur ina thost.

Níos boige arís a bhí an dara cúl. D’athscinn an liathróid idir Ogbene agus Dimitris Pelkas, agus le linn don Éireannach a bheith ag cur in iúl gur láimhseáil Pelkas an liathróid, chuir Petros Mantalos pas fada thar cheann Nathan Collins i lár páirce. Rith Collins chun tosaigh, ag iarraidh Giakoumakis – a bhí ina leath féin – a mhealladh as alt na himeartha, ag fágáil dalladh spáis dó ar an chliathán.

Chuir Giakoumakis pas measartha lag trasna an bhosca – chomh lag sin gur éirigh le Collins teacht ar ais le rith díreach i dtreo na liathróide, gan í a bhaint amach, agus gan a bheith ábalta Pelkas a dhruidim síos ar an taobh eile. Chuir seisean an liathróid trí Collins ar ais sa bhosca, chuir Georgios Masouras isteach sa líontán í, agus cuireadh deireadh leis an chéad leath. Níor tháinig Collins ar ais ar an pháirc arís i gceachtar den dá chluiche.

Sa dara leath, bhí frustrachas Evan Ferguson chomh follasach le neamhshuim an tslua. Bhí Ogbene, go pointe áirithe, mar instealladh fuinnimh nuair a fuair sé seilbh i suíomh ionsaitheach. Lena ról sna cúil, áfach, agus an t-atmaisféar lag (seachas ina measc siúd a bhí páirteach sa chluiche seilbhe i gcoinne na maor) mhothaigh an fógra gurbh eisean laoch na himeartha rud beag as áit.

Bhí cuma iomlán as áit ar Stephen Kenny ina agallamh i ndiaidh an chluiche. Cé nach raibh pearsantacht mhór riamh aige, ba mhór idir é anseo agus an fear a bhí ag insint don tír ar fad go raibh sé chun an mhuinín a chothú ionainn le bheith uaillmhianach inár gcur chuige i dtaobh na peile de.

Cluiche iomlán difriúil a bhí ann Dé Luain i gcoinne Giobráltair, agus bua 4-0 bainte amach ag foireann na hÉireann – an bhearna scór is mó a ghnóthaigh foireann Kenny ó thús a réime. Ba léir an difear ón tús, le cúl cliste cruthaithe ag Doherty do Ferguson san ochtú bomaite agus ar a laghad píosa den fhrustrachas ón Aoine maolaithe ag an déagóir leis.

Tugadh aitheantas do thaispeántas Mikey Johnston ón bhinse oíche Aoine le háit tosaithe, agus níorbh fhada gur aimsigh an cliathánaí cúl. Lean Doherty ar aghaidh lena athrú ó bhonn le cúl sa dara leath, sular chuir an t-ionadaí Callum Robinson deireadh le cúrsaí le buille cinn 10 mbomaite roimh an deireadh.

Ach níor leor an scór sin, ná an slua Éireannach suntasach a thaistil chuig Faro, chun an t-atmaisféar leamh a ruaigeadh. Scríobh mé coicís ó shin go raibh dhá bhua sa bhriseadh idirnáisiúnta seo iomlán riachtanach, ach go mbeadh sé sin rómhall don bhainistíocht.

Agus 0.12% seans ann anois go mbainfimid cluiche cáilíochta amach, ní gá a rá cén áit a bhfágann bua agus cailliúint amháin todhchaí na bainistíochta.

An t-aon rud amháin atá chun Kenny a choinneáil ina phost go dtí deireadh a chonartha anois ná an easpa roghanna eile atá ar fail. Tá an chuma air, mar sin, go mbeidh sé fós ar an taobhlíne do chluichí na Samhna i gcoinne na hÍsiltíre agus na Nua-Shéalainne.

Ar an lámh eile, cá bhfios – is fada an t-achar ceithre seachtaine sa sacar.

SCÉALTA EILE