Bhí sé d’ádh orm a bheith mar bhean an tí ag Gradaim All-Star an Chumainn Camógaíochta an tseachtain seo caite.
Bronnadh os cionn 30 gradam ar mhná ó cheann ceann na tíre atá ag imirt ceann de na cluichí is deacra agus is teicniúla ar domhain, agus iad ar fad á dhéanamh gan an ceiliúradh a dhéantar ar na fir a bhíonn ag imirt an chluiche chéanna.
D’fhiafraigh mé díom féin agus mé ag breathnú ar na mná láidre aclaí seo, cén fáth nach bhfuil muid ag déanamh níos mó den chamógaíocht?
Ní imrítear é ag ardleibhéal ach i gcúpla contae, ní thugtar an meas céanna ar na himreoirí agus a thugtar ar na peileadóirí ban, agus ní bhreathnaíonn an líon céanna daoine orthu i bPáirc an Chrócaigh, ná ar an teilifís, agus a bhreathnaíonn ar bhabhtaí ceannais na gcluichí Gaelacha eile.
Go deimhin, níl ach leath an oiread cumann camogaíochta cláraithe agus atá i bpeil na mban.
Níl an íomhá atá acu chomh faiseanta leis na cluichí eile agus níor thuig mé riamh é.
Breathanigh air mar chluiche, agus breathnaigh ar na mná atá á imirt.
Tá siad láidir, cróga, fíochmhar. Tá matáin acu, tá luas ina gcuid cos, tá lámha tapa acu, bíonn orthu clogad a chaitheamh le dul i mbun catha. Tá an sliotar ag taisteal faoi luas craiceáilte amach agus amach, agus tá scil ollmhór ag teastáil ón té atá ag dul chun páirce.
Ní hamháin sin, ach cosúil leis an iománaíocht, caithfear é ar fad a dhéanamh agus foireann eile i d’aghaidh, agus maidí agus camáin agus coirp á ngortú agus á láidriú le gach buille agus cúilín.
Tá go leor bainte amach ag spórt na mban le blianta beaga, a bhuíochas sin le go leor rudaí, mná aclaí a dhéanann an traenáil ar fad ach go háirithe.
Cloiseann muid go leor faoi chumachtú na mban, feimineachas, comhionannas. Céard atá níos cumhachtaí ná scil cosúil leis an gcamógaíocht a thabhairt do chailín beag? Scaoil amach an gaiscíoch atá i bhfolach taobh istigh inti, agus lig di na scileanna is úsáidí sa saol seo a fhoghlaim: ceannasaíocht, troid ar son do mhuintire, cumarsáid, comhoibriú, buachan, cailliúnt, éirí arís.
Ba í foireann na Gaillimhe a ghnóthaigh an chraobh i mbliana, den chéad uair ó 2013. Bhí sé d’onóir agamsa a gcuid ainmneacha a ghlaoch amach agus breathnú ar an ngliondar a chothaigh sé.
Cúpla mí ó shin nuair a ghnóthaigh siad an chraobh, cuireadh fáilte rompu abhaile in oirthear an chontae. Bhí slua ann, ach faraor, ní raibh sé fiú agus leath chomh mór leis an slua a tháinig amach do na fir, nuair a ghnóthaigh siad Corn Liam Mhic Cárthaigh in 2017.
Ba cheart an dá éacht a cheiliúradh. Ach tá sé deacair nuair nach bhfuil an meas céanna ar an dá chluiche. Agus nach an dá mhar a chéile iad? Laochra, i mbun catha, i gceann de na cluichí is sine ar domhan.
Déan fabhar do do phobal, agus b’fhéidir do chontae amach anseo: má tá gasúir agat, nó má tá aithne agat ar ghasúr, ceannaigh camán dóibh uilig. B’fhéidir go dtabharfadh Santaí ceann do roinnt acu faoin Nollaig.