Is maith le daoine a bheith ag cáineadh rudaí a tharlaíonn sa spórt. Is cuma más droch-chinneadh a bhí ann, nó pas a chuaigh chun talún, nó cic a chuaigh ar fóraoil, beidh duine ann á cháineadh. Agus muid ag breathnú ar an spórt, cáineann daoine cinntí an réiteora. B’fhéidir nach gcáinfeadh os ard, nó b’fhéidir i gcomhrá le cara, nó b’fhéidir abairt nó dhó ar Twitter. Den chuid is mó de, ní ag cáineadh an réiteora a bhíonn daoine ach an cinneadh nó cinntí a rinne sé nó sí.
Le teacht na meán sóisialta, is féidir dul i dteagmháil le haon imreoir nó bainisteoir foirne nó, sa chás seo, réiteoir ar domhan a bhfuil cuntas acu. Is áis iontach í má úsáidtear i gceart í. Ach ar an drochuair, ó am go ham ní úsáidtear i gceart í agus chonaiceamar an drochúsáid sin le déanaí.
I mí Samhna, bhí Wayne Barnes ag réiteoireacht i gcluiche idir an Fhrainc agus an Afraic Theas. Tar éis an chluiche sin, sheol Rassie Erasmus, stiúrthóir rugbaí na hAfraice Theas, tvuíteanna amach ag cáineadh na gcinntí a rinne Barnes i rith an chluiche. Go bunúsach, níor cheart go mbeadh sé seo ag tarlú in aon chor. Ach an rud is measa ná ceapann roinnt daoine go dtugann an t-iompar seo cead dóibh an rud céanna a dhéanamh.
Is rud amháin é an cáineadh ach is rud iomlán eile é an drochíde. Agus is drochíde a d’fhulaing Barnes agus a theaghlach. Labhair Barnes ar an bpodcraoladh The Good, the Bad, and the Rugby an tseachtain seo faoin drochíde a fuair sé ar na meáin shóisialta agus faoi teachtaireachtaí a sheoladh chuig a bhean chéile inar luadh foréigean gnéasach. Rinneadh bagairtí i dtreo a pháistí freisin.
Chun a bheith soiléir faoi seo, tharla an drochíde uafásach lofa seo mar thoradh ar chinntí a rinne nó nach ndearna Barnes i gcluiche rugbaí.
D’fhulaing Andrew Brace tar éis an chluiche idir Sasana agus an Fhrainc cúpla bliain ó shin. Sheoladh tvuíteanna chuige freisin agus fágadh teachtaireachtaí faoi scéala báis a dhaid a roinn sé ar Twitter freisin. I rith na seachtaine, fuair Sébastien Piqueronies fionraí deich seachtain mar d’úsáid sé focail bhagracha i dtreo an réiteora i ndiaidh cluiche an deireadh seachtaine seo caite. Fuair sé maolú 10 seachtaine (nó 50% den fhionraí iomlán).
An rud faoi na cásanna thuasluaite ná gur chuala muid faoi (nó chonaic muid fiú) an drochíde ag tarlú. Is dóigh go dtarlaíonn an drochíde céanna sin (b’fheidir ní ag an leibheál céanna is a luaigh Barnes) arís is arís eile ach níl a fhios againn faoi mar ní fheiceann muid é. Faigheann imreoirí teachtaireachtaí maslacha tar éis gach aon chluiche. Tarlaíonn sé gach deireadh seachtaine. Caithfidh go bhfuil an rud céanna a bheith ag tarlú do réiteoirí.
Caithfear rud éigin a dhéanamh chun réiteoirí spóirt a chosaint.