Caithfidh bainisteoirí ar fhoirne móra a bheith ag súil le hiniúchadh

Is díol trua an t-iriseoir atá ag treabhadh an ghoirt spóirt. Níl tada níos measa ná lá bunaithe ar cibé rud léargasach a bheidh ráite ag imreoir nó bainisteoir atá os do chomhair. Tá nathanna cainte leamh agus tor foghlamtha de ghlanmheabhair acu agus caitheann siad amach iad, is cuma cén cheist. Is iomaí uair Jim Gavin, bainisteoir peile Bhaile Átha Cliath, curtha faoi agallamh agam. Bíonn sé cúirtéiseach múinte. Déarfaidh sé neart, ach ní dhéarfaidh sé tada ach oiread. Cuir i gcás go raibh muid ag caint faoi chluiche in aghaidh Cheatharlach, mar seo a rachadh an comhrá:

Mise: “Jim, an uair dheireanach a d’imir sibh in aghaidh Cheatharlach, ní dheachaigh sé go maith do Dhiarmuid Connolly?”

Jim: “Tá ard-mheas againn ar gach fhoireann agus tá Ceatharlach in ann a bheith bagrach…”

Mise: “Sea, is féidir breith ar an bhfathach corrlá, ach cén t-ullmhú atá sibh a dhéanamh don chluiche ina dhiaidh sin?”

Jim: “Ní bhreathnaíonn muid ach ar an gcluiche atá os ár gcomhair. Ní féidir glacadh leis go mbeidh an bua againn. Tá contúirt ag baint le gach aon fhoireann…”

Mise: “An fearr leat Coco Pops nó Frosties?”

Freagra: “Tá ard-mheas agam ar Coco Pops agus Frosties. Tá contúirt ag baint le gach aon…”

Tá mé in ann é a scríobh sula mbeidh na focail fiú ráite aige. Níl aon rogha againn mar iriseoirí atá ag iarraidh ár bpobal a shásamh ach dul i mbun anailíse le hiar-imeoirí nó saineolaithe eile. Go minic, ní thaitníonn sé le bainisteoirí, go háirithe má bhíonn an anailís géar. Ach tá sé riachtanach.

Le deireanaí, ceapann roinnt acu gurb é an bealach is fearr déileáil leis seo ná diúltú labhairt le hiriseoirí, nó dul ag troid leo. Idir Jim Gavin, Joe Schmidt agus Martin O’Neill tá iarrachtaí á ndéanamh láimh a gcuid bainistíochta a shíneadh ón bpáirc imeartha go dtí na meáin.

Cúpla bliain ó shin, dúirt bainisteoir iomána Loch Garman Davy Fitzgerald liom gur thaitin sé leis féin tuairiscí faoi chluichí a léamh sna nuachtáin, go háirithe mura raibh deis aige breathnú orthu. Céard a tharla, cé a rinne é, cén scór a bhí ann ag leath ama, treo na gaoithe agus araile. Níl ann ach na fíricí, a deir sé, agus ní féidir tada a chuir as a riocht dá bharr.

Tuigim dó, agus tá a n-áit ag tuairiscí ar chluichí, ach in easnamh tá cur síos ar cén fáth gur tharla na rudaí seo. Caithfear caighdeáin iriseoireachta a chomhlíonadh chomh maith agus a dhéanfadh muid dá mbeadh muid ag seasamh taobh amuigh de Theach Laighean agus muid ag tuairisciú ar chúrsaí polaitíochta. Tá sé de dhualgas orainn. Caithfidh bainisteoir ar fhoireann mór le rá nó proifisiúnta a bheith ag súil le hiniúchadh.

Táimid ag dul i dtreo ré contúirteach má thugtar cead do bhainisteoirí ‘bainistiú’ a dhéanamh ar an ábhar a fhoilsítear. Bheadh mé féin go mór i bhfabhar iad a fhágáil ag caint leo féin agus dul ag spóirt eile a bheadh breá buíoch as ceamara. Ní bheadh siad i bhfad ag athrú poirt, go háirithe nuair a thabharfadh a gcuid urraitheoirí faoi deara go raibh a gcuid brandaí ceilte ar an bpobal. Tá fhios againn uilig nár labhair tada chomh hionraic riamh agus a labhair an t-airgead.

 

SCÉALTA EILE