Caithfidh na himreoirí agus an FAI breathnú orthu féin

Tá bóthar buailte acu sa deireadh. Mar a deir fear amháin liom, “is maith an rud é go bhfuil Roy Keane imithe an uair seo, ní hé fearacht na huaire deiridh a d’imigh sé ón gcampa.” Saipan fós ina chnámh spairne.

Ach an oiread le conspóid Saipan, ní dóigh liom go bhfuil an pictiúr iomlán againn. Tá an milleán á chur ar Martin O’Neill agus ar Roy Keane mar gheall ar an droch-chaighdeán sacair atá á imirt ag an bhfoireann náisiúnta faoi láthair. Tá cloiste againn nach bhfuil aon spiorad sa bhfoireann, nach bhfuil aon mhuinín acu as a chéile, agus nach raibh aon chion ag an mbainistíocht orthu ach oiread. Bíodh sin mar atá, caithfidh na h-imreoirí agus lucht riaracháin an FAI breathnú orthu féin agus an ról atá acusan sa scéal. 

De réir tuairiscí éagsúla, níl mórán fonn imeartha ar na himreoirí. Ní dóigh liom gur féidir an milleán a chur ar na bainisteoirí faoi sin. Is cuma cé chomh maith nó holc atá siad, ba cheart go mbeadh bród aisteach ar an té a bhfuil an geansaí glas ar a dhroim agus nár cheart go mbeadh aon ugach mór uaidh le dul chun páirce ar son na hÉireann. Má tá athrú i ndán, caithfear meon na n-imreoirí a athrú freisin.

Céard faoi bhainistíocht an FAI? Níl aon neart ag O’Neill ná ag Keane ar an gcaighdeán imreoirí atá ag teacht chun cinn, agus tá an bord bainistíochta freagrach as sin. Níl aon fhorbairt á dhéanamh ar an sacar anseo sa mbaile. Le fada an lá, is ag braith ar Shasana a bhí muid chun imreoirí a mhúnlú dúinn. Tá an doras sin dúnta anois, ós rud é go bhfuil a rogha imreoirí idirnáisiúnta anois ag an bPríomh-Roinn agus sin an fáth nach mórán ainmneacha Gaelacha a chloisfidh tú ag imirt do Liverpool nó do Manchester United níos mó. 

Tá an patrún seo feicthe againn ar fad le deich mbliana, ach ar chúis éigin, níl sé feicthe ag an FAI nó tá siad dall. Níl aon infheistíocht á dhéanamh i Sraith na hÉireann, agus níl aon chaighdeán mór léirithe ansin, cé is moite de Chorcaigh agus Dún Dealgan atá chomh mór chun cinn ar a gcéilí comhraic sa sraith, agus atá peileadóirí Bhaile Átha Cliath ar Liatroim. Agus an t-aon fáth go bhfuil an dá fhoireann seo ag déanamh go maith ná go bhfuil airgead Eorpach acu ó Shraith Europa, agus ní mar gheall ar aon phlean forbartha de chuid an FAI.

Déantar go leor as chomh hiontach agus atá an lucht tacaíochta. Níl mórán acu le bheith ag tacú leis na laethanta seo, ach in ainneoin sin, tá roinnt fós ag dul ag cluichí leamh, gan spraoi. Tá siamsaíocht agus cúpla bua dlite an té a íocann le freastal ar chluichí. Stop sé seo le bliain. Ach ní hiad O’Neill ná Keane atá iomlán ciontach as seo. Is í an cheist mhór anois ná céard a dhéanfaidh údaráis sacair na tíre faoi? Ag breathnú ar an laghad atá déanta acu le blianta beaga, diabhal mórán.