Tá leath den bhliain imithe cheana féin, agus mar atá a fhios ag go leor tá béim speisialta á cur ar spórt na mban i mbliana faoi scáth an fheachtais, 20×20.
Iarracht é chun méadú 20% a chur ar an líon ban nó cailíní a bhíonn páirteach sa spórt, ardú 20% a dhéanamh ar fheiceálacht na mban sna meáin, agus go dtiocfadh ardú 20% ar an líon daoine a théann ag breathnú ar mhná nó ar chailíní ag imirt spóirt.
Ní fios fós ar ndóigh an tionchar atá nó a bheidh ag an bhfeachtas ar rannpháirtíocht na mban. Creidim go bhfuil á gcuid á déanamh ag na meáin. Ach sula mbeidh muid ag tabhairt bualadh bos dúinn féin, cuimhnigh go raibh muid ag teacht as áit nach raibh clúdach ar bith á dhéanamh ar spórt na mban go dtí le cúpla bliain anuas.
Bhí am ann nach gcloisfeá faoi aon bhean sa spórt, mura mbeadh Sonia O’Sullivan ag tabhairt faoi rás mór éigin. Craoladh Craobh an Domhain do mhná le deireanas agus chuir go leor againn, den chéad uair, aithne ar mhná na Stáit Aontaithe agus rinneadh ceiliúradh ar a gcuid lúthchleasaíochta agus a gcuid scileanna mar a dhéanfaí ar aon fhoireann mór le rá eile cosúil leis an Ghearmáin nó an Spáinn i sacar na bhfear.
Anocht, tá mé ag taifead clár speisialta ag caint le mná faoin spreagadh a fuair siad féin sa spórt agus ag cur spórt na mban amach ós comhair an phobail ar chlár raidió de chuid Off The Ball, a chraolfar amach anseo. Seans maith nach dtarlódh na rudaí seo murach an méid torainn a rinneadh leis an bhfeachtas 20×20.
Ach breathnaigh ar an tríú cuspóir atá ag an bhfeachtas. Go ngabhfadh muid ar fad, idir fhir agus mhná, amach ag féachaint ar mhná nó ar chailíní atá i mbun imeartha nó san iomaíocht i rás nó eachtra éigin.
Níl an fhios agam go bhfuil muid á dhéanamh sin fós, agus sin freagracht nach bhfuil ar aon duine againn ach muid féin. Is minic go mbíonn muid ag gíoscán faoi easpa tacaíochta, ach cé chomh minic ar éirigh ceachtar againn den chathaoir ag rá linn féin go ngabhfadh muid síos ag an bpáirc ag breathnú ar na mná ag tabhairt faoi dhream eicínt?
Chuile bhliain bíonn muid ag maíomh as an méid daoine a théann ag cluiche ceannais peile na mban i bPáirc an Chrócaigh. Tá sé iontach go mbíonnn os cionn 50,000 duine ann ar an lá agus cén fáth nach mbeadh agus tráthnóna peile den scoth acu le breathnú air?
Ach céard faoi na cluichí eile a imrítear an chuid eile den bhliain? Bhí mé ag na cluichí leathcheannais, agus ní raibh oiread áiméan sa slua. Ar éigean go mbeadh cúpla céad ag cluiche sraithe níos túisce sa mbliain, cé go bhfuil an caighdeán imeartha mar a chéile.
Má táimid chun a bheith dáiríre faoi seo, caithfidh muid ár gcuid leisciúlachta a chaitheamh in aer agus tacú leis na mná. Ní fheabhsóidh rudaí don chéad ghlúin eile go brách mura mbeidh muid sásta beagáinín anró a chur orainn féin, agus glacadh le cuid den fhreagracht.