Ceachtanna sciobtha Gaeilge do lucht leanta rugbaí ar Twitter

Tá cuntas nua Twitter curtha ar bun ag an tráchtaire rugbaí Jeff Neville le cabhrú le lucht féachana an spóirt an Ghaeilge a fhoghlaim. Bíonn Jeff ag scríobh faoi chúrsaí rugbaí i nGaeilge do NÓS, i mBéarla dá bhlag The Loose Head agus suíomhanna eile, agus bíonn sé i mbun tráchtaireacht ar TG4 go minic. 

@TLHGaeilge is ainm don chuntas nua, ar fochuntas de @TheLooseH, agus chuir Jeff tús leis na ceachtanna gearra le cur síos cuimsitheach ar an tuiseal ginideach. Is minic a bhíonn mearbhall ar fhoghlaimeoirí Gaeilge faoin ngné seo den teanga, ach tá súil ag Jeff é sin a réiteach trí shamplaí a chloistear go rialta ar an tráchtaireacht spóirt ar TG4 a úsáid.

“Is féidir breathnú ar an rugbaí trí Ghaeilge, ach b’fhéidir nach dtuigfidh gach duine gach téarma. Is deis í seo cúpla téarma a fhoghlaim i rith na seachtaine agus, ag an deireadh seachtaine, nuair a bhíonn an rugbaí á chraoladh ar TG4, deis iad a úsáid.Má thuigtear na buntéarmaí, bíonn níos mó muiníne ag an éisteoir agus beidh siad ag iarraidh an Ghaeilge a labhairt. 

“Níl mórán i gceist leis an gcuntas, mar nílim ag iarraidh go mbeidh foghlaimeoirí faoi bhrú. Míneofar téarma amháin gach lá, chomh maith leis an bhfoghraíocht agus cúpla sampla den téarma in abairtí simplí,” a dúirt Jeff. 

Dúirt sé go bhfuil “an-suim go deo” léirithe cheana féin sa gcuntas nua agus go bhfuil níos mó ná 1,250 duine á leanacht cheana féin.

“Is spórt Sasanach é an rugbaí, ach ní bhaineann sé sin le rud ar bith. Caithfidh an Ghaeilge a bheith ar fáil do chách, agus caithfimid í a úsáid lasmuigh den scoil má tá muid dáiríre faoin athbheochan. 

“Beidh foireann náisiúnta na hÉireann ag dul go Corn an Domhain i gceann cúpla mí agus táthar ag tuar go mbuafaidh siad an comórtas. Ba cheart dúinn an fuinneamh agus an tacaíocht atá cothaithe dár bhfoireann náisiúnta a thógáil agus a athchruthú dár dteanga náisiúnta,” a dúirt sé. 

SCÉALTA EILE