Le seachtain, tá sé tugtha faoi deara agam go bhfuil ailt scríofa ag go leor faoi thodhchaí Jonathan Sexton agus an fhéidearthacht go mbeadh sé ag imirt rugbaí agus é 40 bliain d’aois, mar atá déanta ag Tom Brady sa bpeil Mheiriceánach. Dúirt Sexton é féin go raibh an-spéis aige in ullmhúcháin Brady ó luaigh an cóitseálaí Stuart Lancaster é.
Ní féidir a shéanadh ach go bhfuil Sexton chomh tábhachtach céanna do na Laighnigh agus don fhoireann idirnáisiúnta agus atá Brady do na New England Patriots. D’fhéadfaí comparáid a dhéanamh chomh maith idir an tionchar a bhí ag comhtholgadh ar imirt na beirte.
Labhair bean chéile Brady, Gisele Bündchen, go láidir, agus gan choinne a shílfeá, ag rá gur fhulaing sé leo, fiú agus é ag imirt sa Super Bowl. Maidir le Sexton, tá a fhios againn uileag go gcuireann sé as dó nuair a cheistítear ar cheart dó imirt mar gheall ar an gcomhtholgadh. In 2014 chaith sé beagnach trí mhí gan imirt mar gheall ar imní faoi ghortú sa gcloigeann, cé gur réamhchúram in aghaidh comhtholgadh a bhí sa tréimhse sin. Ach ó shin, aon uair a fhaigheann sé aon bhuille crua, breathnaíonn an pobal go grinn ar an measúnú a dhéantar air.
Ní fios i ndáiríre cén fáth a bhfuil Tom Brady fós in ann imirt ag an leibhéal is airde. Ach cuireann an méid atá ráite aige agus foilsithe aige imní orm. Tá leabhar aige, The TB12 Method: How to Achieve a Lifetime of Sustained Peak Performance, agus tá súil le Dia agam nach bhfuil aon duine ag leanacht a chuid comhairle. I measc na mblúiríní eolais ann, tugann sé le fios dúinn nach bhfaigheann sé dó gréine má bhíonn a dhóthain uisce ólta aige. Ní rachaidh aon bhia síos ina phíobán mura bhfuil sé alcaileach le faitíos go gcuirfeadh aigéadóis as dó, cé go bhfuil sé cruthaithe ag eolaithe nach bhfuil aon tionchar ag bia ar pH ár gcuid fola.
Is féidir rudaí cosúil le púdair a cheannacht ar a shuíomh gréasáin, chomh maith le haip chun traenáil a dhéanamh ar do inchinn. Tá tú in ann leictrilítí a fháil ar an suíomh freisin le cur isteach i do chuid uisce, agus b’fhéidir ansin nach mbeadh dath gliomaigh ort tar éis lá faoin ngrian. Tá sé sin sách dona, go dtí go gcloistear faoi Alex Guerrero, atá “ag obair” le Brady.
In 2004, rugadh ar Guerrero ag díol forbhia ag rá le daoine gur leigheas sé ailse agus gur chuir sé cosc ar SEIF. Níl aon chead aige aon mhargaíocht a dhéanamh i Meiriceá ar fhorbhia níos mó, ná dochtúir a thabhairt air féin ach oiread. Níor stop sé sin Brady a ainm a chur le hábhar darbh ainm NeuroSafe, a dúirt Guerrero a bhí cosúil le crios sábhála don inchinn. Faraor, cuireadh iallach air NeuroSafe a baint den mhargadh chomh maith.
In aon spórt eile, bheadh ceisteanna á gcur faoi fhear atá ag déanamh Oisín i dTír na nÓg dó féin. Ní haon locht ar Sexton é mura mbainfidh sé amach an dá scór ag imirt. Dá gcríochnódh sé amárach, bheadh a dhóthain bainte amach aige agus a dhóthain ionadaíochta déanta aige orainne. Cuimhnigh go raibh drochdheireadh ag Oisín.