Cén fáth a bhfuil an uimhir a deich is fearr sa tír fágtha ar lár?

Chuile bhliain tagann Lá Idirnáisiúnta na mBan, agus cloiseann muid scéalta faoin dul chun cinn atá á dhéanamh ar son na cúise. Labhraítear ar spórt na mban, agus bhí comhrá ar leith againn i mbliana mar gheall ar an bhfeachtas 20×20, in iarracht níos mó ban a choinneáil leis an spórt agus chun níos mó tuairiscithe a fháil sna meáin chomh maith.

Seans maith go raibh tionchar ag na comhráití éagsúla ar an méid daoine a chuaigh ag cluiche rugbaí na mban in aghaidh na Fraince, oíche Dé Sathairn seo caite. Bhí os cionn 6,000 duine i láthair, agus i ndáiríre, ní bhfuair siad luach a gcuid airgid. 

Is fada ón lá go raibh an fhoireann chomh lag agus atá faoi láthair, agus níl aon leithscéal ann. Tá seacht gcluiche as ocht gcinn caillte acu, agus níor éirigh chomh dona seo leo i gCorn na Sé Náisiún le 13 bliain. Ní féidir é a shéanadh níos mó. Tá bearna mhór idir mná na hÉireann agus foirne eile. Léiríonn sé freisin nach bhfuil an córas anseo sách maith. Chonaic muid botúin, easpa tuisceana ar an gcluiche, easpa láidreachta, easpa físe. Tá duine de na himreoirí is fearr, Niamh Briggs, fágtha taobh amuigh den champa ar fad. 

Tá sé seo tragóideach, nuair a chuimhnítear gur bhuail na mná an Nua-Shéalainn in 2014, agus gur ghnóthaigh siad an Chaithréim Mhór in 2013 agus na Sé Náisiún in 2015. Ná habair liom dá mbeadh an cliseadh céanna amhlaidh do na fir nach mbeadh coistí Oireachtais ag suí i dTeach Laighean ag fiosrú céard a bhí ag tarlú. Bheadh tuarascáil á réiteach go sciobtha, agus bheadh fiosrúchán ann. Bheadh sé á phlé ar an teallach ag an bpobal, mar bheadh tuairiscí faoi sna nuachtáin agus sna meáin. 

Ach, ní hin atá ag tarlú. Tar éis an chluiche, agus go deimhin an chluiche in aghaidh Shasana mí ó shin, comhráití difriúla a bhí ann. Agus mé ag siúl abhaile as Domhnach Broc chuala mé daoine ag rá rudaí a chuir olc orm; “Nach iontach an slua a bhí ag breathnú orthu,” nó “tá siad ag déanamh go maith, nuair a chuireann tú i gcomparáid iad leis na mná ó na tíortha eile atá i bhfad níos láidre ná iad.” 

Ní dhéarfaí go brách é sin faoi na fir. Bheadh an iomarca measa againn orthu. Dá mbeadh an luach céanna againn ar fhoireann na mban, ní ghlacfaí leis an mbail atá orthu. Ní bheadh muid á moladh as teacht chun páirce. Bheadh muid ag féachaint ar céard atá á dhéanamh i dtíortha eile, agus déanamh iarracht coinneáil leo. Bheadh muid ag ceistiú cén fáth go bhfuil an uimhir a deich is fearr sa tír fágtha ar lár. Samhlaigh dá n-ainmneodh Joe Schmidt foireann, agus go mbeadh Jonathan Sexton as láthair. Bheadh na meáin ag marú a chéile ag iarraidh a fháil amach cén fáth. Tá sé in am againn, má tá aon mheas againn ar mhná, stopadh a bheith buíoch go bhfuil siad ann ar chor ar bith, agus tosaí ag lorg freagrachta ó na húdaráis atá in ainm agus a bheith á stiúradh.

 

SCÉALTA EILE