Club reatha Gaeilge bunaithe ar Strava don Choraintín Mór

Tá ‘club’ reatha nua bunaithe ar an aip spóirt Strava ag aclaithe i mBaile Átha Cliath a bhfuil Gaeilge acu d’fhonn spreagadh a thabhairt dá chéile fanacht aclaí le linn an Choraintín Mhóir. 

Ba é Aodhán Ó Deá a bhunaigh an club Strava an tseachtain seo le cabhrú le reathaithe eile le Gaeilge, ar fud na cathrach agus na tíre, fanacht i dteagmháil lena chéile agus spreagadh a thabhairt dá chéile a fhad is a bheidh na srianta le dul i ngleic le scaipeadh an víris chorónaigh i bhfeidhm. 

“Bhí féin níos fearr ag rith nuair a bhíonn daoine eile in éineacht liom, ag imeachtaí ar nós Parkrun, nó amuigh ag rith le cairde. B’fhéidir gur díreach mo nádúr comórtasach atá i gceist ach ceapaim nach mise amháin atá mar sin. 

“Le linn na tréimhse seo sa bhaile, bhí mé buartha go mbeinn leisciúil gan an ghnáth-thuras rothaíochta chun na hoibre. Thosaigh mé ag rith uair sa tseachtain, ach spreagadh mé nuair a chuala mé ó chairde go raibh siadsan ag rith gach cúpla lá freisin. Bheartaigh muid club reatha a bhunú ar Strava faoin ainm ‘Is fearr rith maith…(ná drochsheasamh) agus cheana féin tá breis agus 30 duine cláraithe leis,” a dúirt Aodhán le NÓS. 

Tá sé i gceist aige comórtais bheaga a reáchtáil gach seachtain sa chlub agus súil aige go meallfar níos mó daoine fós chuige sna laethanta amach romhainn.

“Cuirfimid fáilte roimh thosaitheoirí agus daoine nua de gach caighdeán,” a dúirt sé. 

Is aip é Strava a bhíonn in úsáid ag go leor aclaithe timpeall na cruinne. Coinníonn sé cuntas ar an rith, an rothaíocht agus an snámh a dhéanann duine, i measc spórtanna eile, agus tá gné shóisialta ann de freisin. Is féidir nascadh le cairde nó le haclaithe eile agus an dul chun cinn atá déanta acu sin a fheiceáil agus moladh a thabhairt dóibh, chomh maith le bealaí rothaíochta nó reatha a roinnt. 

Is féidir an aip a cheangal le huaireadóir cliste ar nós Apple Watch, Fitbit, Garmin nó Samsung ach ní gá a leithéid d’uirlis a bheith ag duine le bheith sa chlub. Ní theastaíonn ó dhuine ach fón cliste a bhfuil GPS air. Is féidir clárú le ‘Is fearr rith maith…’ ar Strava anseo

SCÉALTA EILE