Cluiche stairiúil amach roimh an Iodáil agus an Afraic Theas

Táimid thart ar leath bealaigh trí Chorn Rugbaí an Domhain anois agus caithfear a rá nach comórtas leadránach atá ann in aon chor. Bhuaigh an tSeapáin dhá chluiche go dtí seo, ceann in aghaidh na Rúise agus fuair siad an lámh in uachtar i gcoinne na hÉireann seachtain ina dhiaidh sin. Bhuaigh Uragua in aghaidh Fhidsí. Agus sa chogadh idir an Bhreatain Bheag agus an Astráil, ba iad ár gcol ceathracha Ceilteacha a thug an lá leo. 

Luaigh mé i bpíosa coicís ó shin go dtarlóidh píosa draíochta ag am éigin sa chomórtas seo, ach níor cheap mé go dtarlóidh sé chomh minic seo. Ceapaim go bhfuil seans ann go dtarlóidh rud éigin speisialta arís i gceann cúpla lá.

Imreoidh an Iodáil in aghaidh na hAfraice Theas an Aoine beag seo. Go dtí seo, tá dhá chluiche imeartha ag an dá fhoireann.

Scóráil an Afraic Theas 12 phointe — úd amháin ina measc — in aghaidh Nua-Shéalainne, agus 57 bpointe — naoi n-úd ina measc — in aghaidh na Namaibe.

Tá 95 phointe scóráilte ag an Iodáil — 48 in aghaidh Cheanada agus 47 in aghaidh na Namaibe — agus 12 úd scóráilte acu ar an iomlán idir an dá chluiche.

Tá a fhios agam nach iad na céilithe comhraic céanna atá i gceist anseo, níor imir an Iodáil in aghaidh na Nua-Shéalainne go fóill. Ní scórálfaidh siad an méid sin pointí in aghaidh na Nua-Shéalainne ach an oiread.

Ach bhí briseadh breá fada acu idir na cluichí i gcomparáid leis an sceideal a bhí ag an Afraic Theas.

Tá an Iodáil ag dul isteach sa chluiche seo gan cluiche imeartha acu ó Déardaoin seo caite. Beidh ocht lá acu sos a ghlacadh agus plean a cheapadh don chluiche. Beidh fuinneamh ag na himreoirí agus beidh siad ag dul isteach sa chluiche ag iarraidh an stair a scríobh. 

Ar an lámh eile, bhí cluiche ag an Afraic Theas Dé Sathairn, agus bhí go leor imreoirí a bheidh ag imirt in aghaidh na hIodáile ag imirt in aghaidh na Namaibe. Ní bheidh an sos céanna acu, agus ní bheidh an t-am céanna acu chun fáil réidh don chluiche seo.Má bhuann an Iodáil, tá an-seans go leanfaidh siad ar aghaidh go dtí an babhta ceathrú ceannais — samhlaigh é sin.

Mar a luaigh mé cheana, beidh an Iodáil ag iarraidh stair a chruthú. Tógfaidh an smaoineamh sin go leor paisin, go leor fuinnimh, agus go leor bróid ó na hIodálaigh. Rithfidh siad níos sciobtha ná riamh. Beidh a ngreamaithe níos fíochmhaire ná a bhí siad sa chéad dhá chluiche.Má tá na hIodálaigh in ann imirt ar feadh 80 nóimeád gan botún agus iad dírithe ar an tasc, tá seans ann go mbuafaidh siad an cluiche.

Bhuaigh siad in aghaidh na hAfraice Theas i 2016. Tá a fhios agam nach mbaineann an bua sin leis an gcluiche ar an Aoine, ach beidh tionchar aige ar na himreoirí — taispeánann sé gur féidir leis tarlú.

Ní raibh aon duine ag súil le bua na Seapánach ar Éirinn Dé Sathairn, ach tharla sé ar aon nós.

Cé atá in ann a rá go cinnte nach dtarlóidh rud éigin stairiúil Dé hAoine seo?

SCÉALTA EILE