Mór mo náir – níl mórán spéise agam i gcúrsaí caide.
Gheobhainn deacair é cúigear fiú ó fhoireann na Ríochta a ainmniú dá gcuirfí ceist orm.
D’ainneoin m’easpa eolais faoin spórt, ba mhaith liom lá éigin freastal ar Chomórtas Peile na Gaeltachta atá ar siúl faoi láthair in Ard an Rátha, Dún na nGall.
Cloisim dea-léirmheasanna ag teacht ón ócáid i mbliana agus is iontach an deis í chun muintir na nGaeltachtaí ar fad a tharraingt le chéile.
Ní caid amháin a bhíonn ar bun ann ach ceol, céilithe, comhluadar agus comórtais – comórtas an Chailín Gaelaigh agus Tráth na gCeist boird, i measc eile.
Le breis is scór foirne páirteach, ó chlubanna atá scaipithe timpeall na tíre ar fad, agus ó níos faide i gcéin (Móin Dearg Londan), déan iarracht bualadh suas don spraoi, muna bhfuil tú ann cheana!
Lá mór peile inniu. Comhghairdeas le gach duine! Lá ar dóigh. Bígí linn amárach!
— RnaG Spórt (@SportRnaG) May 30, 2015
Tá meitheal spóirt RTÉ Raidió na Gaeltachta i láthair le tráchtaireacht bheo agus anailís ar na cluichí ar fad, chomh maith le hagallaimh le bainisteoirí, foirne, agus lucht tacaíochta.
Bhí lá gnóthach acu inniu agus beidh siad ann arís amárach agus Dé Luain le haghaidh na gcluichí móra ceannais.
Pé áit a mbeidh sibh, bígí i lár na aicsin, agus díreach cluas agaibh leis an raidió.