Cultúr agus teanga á gcaomhnú ag Cluichí Oilimpeacha na nEiscimeach in Alaska

Tá muid leath bealaigh trí shéasúr na gCluichí Oilimpeacha: tá Cluichí an tSamhraidh tagtha chun deiridh in  東京 (Tóiceo) agus tá muid ag fanacht go foighdeach le searmanas oscailte na gCluichí Parailimpeacha ar an 24 Lúnasa. 

An mhí seo caite, áfach, bhí Cluichí eile tábhachtacha ar siúl i mbaile Fairbanks in Alaska – Cluichí Oilimpeacha Domhanda na nEiscimeach-Indiach (WEIO). Reáchtáladh na WEIO den chéad uair in 1961 agus ó shin i leith tá daoine de shliocht na mBundúchasach i Meiriceá Thuaidh i bhfad is i gcéin ag tarraingt ar Alaska le páirt a ghlacadh i réimse leathan cluichí dúchais. 

Cuireadh cluichí na bliana seo caite ar ceal de dheasca an víris chorónaigh ach tháinig pobail dúchais Alaska le chéile arís ar an 21 Iúil le ‘caitheamh an bhlaincéid’, ‘tarraingt cluaise’, agus cluichí eile a imirt. Bhí na hIonúitigh, na hIniúipiaigh, na hIúpaicigh, na hAthabascaigh agus dreamanna eile nach iad páirteach i gcluichí na bliana seo. 

Dála Oireachtas na Gaeilge, bíonn comórtais ann don damhsa, don amhránaíocht agus do na healaíona eile dúchais ag WEIO. Nuair a reáchtáladh an chéad bhabhta de na cluichí in 1961 bhí comórtas ‘Banríon na nEiscimeach’ ann freisin, comórtas nós an Chailín Ghaelaigh ag Comórtas Peile na Gaeltachta. 

Comórtas Bhanríon na nEiscimeach

Ghlac na céadta lúthchleasaí páirt i mbeagnach 25 imeacht spóirt agus na mílte daoine ag breathnú orthu. Rás de chineál áirithe é an ‘knuckle hop’ ina mbogann na lúthchleasaithe chun cinn ar ailt a lámh agus a gcos. Tá cuid de na cluichí bunaithe ar na scileanna a theastaíodh ó bhundúchasaigh Mheiriceá Thuaidh san am a caitheadh – meáchan mór (mar a bheadh conablach mús ann) a iompar nó aithris a dhéanamh ar an iascach gan slat (beireacht ar stang bealaithe adhmaid). 

Ar cheann de na cluichí is neamhghnáiche tá an ‘tarraingt cluaise’ is féidir a fheiceáil san fhíseán thíos. Cluiche ‘nirt’ agus ‘seasmhachta’ atá sa tarraingt cluaise ina ndéanann an dá iomaitheoir iarracht sreangán a tharraingt de chluais an duine eile lena gcluais féin. 

Dúirt Gina Kalloch, cathaoirleach an WEIO go bhfuil na cluichí ag éirí níos tábhachtaí bliain i ndiaidh bliana agus nósanna traidisiúnta, cultúr, agus teangacha na mbundúchasach i Meiriceá Thuaidh faoi shíorbhrú. 

“Éiríonn WEIO níos tábhachtaí gach bliain, ó tharla go bhfuil an nasc caillte ag an oiread sin dár bpobal lenár dtalamh agus lenár dteangacha. Aistríonn na daoine chuig na cathracha mar gheall ar chúinsí saoil agus oibre. Ar bhealach is dul chun cinn a bhíonn ina leithéid, ach i gcás na mBundúchasach, bíonn cailliúint mhór i gceist freisin. Tugann WEIO deis do na daoine athcheangail leis na glúinte a d’imigh rompu agus an seans na rudaí a rinne a sinsir a dhéanamh iad féin. Is dóigh linne gur gá greim a choinneáil ar a bhfuil fágtha againn,” a dúirt sí.