Tá go leor cainte faoi ról an Amhráin Náisiúnta agus bhratach na hÉireann ag cluichí CLG ar na mallaibh. Pléann Ciarán Dunbar an cheist ina cholún is déanaí ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
An bhfuil an t-am agat éisteacht le scéilín?
Is cuimhne liom díospóireacht ar líne a bhí agam tamall de bhlianta ó shin maidir le Cumann Lúthchleas Gael.
An gnáthscéal a bhí ann.
Aontachtaithe dubh i gcoinne an Chumainn, náisiúntóirí go láidir ar a shon.
Bhí mé féin ag iarraidh a bheith réasúnta: chuir mé ceist ar dhuine de na haontachtóirí, cad é thiocfadh le CLG a dhéanamh chun go mbeadh seisean sásta leis mar eagraíocht?
“Bhál,” a scríobh sé.
“Thiocfadh leo deireadh a chur le bratach na hÉireann agus le hAmhrán na bhFiann ag na cluichí.”
“Tá go maith. Rud ar bith eile?”
“Cinnte,” a deir sé.
“Cuir deireadh le haon tagairt do náisiún na hÉireann sa bhunreacht.”
“Ok.”
“Agus éirigh as a bheith ag imirt ar an Domhnach.”
“Ceart go leor.”
“Agus cuir deireadh le húsáid na Gaeilge ann, cuireann sé sin olc ar Phrotastúnaigh.
“Agus éirigh as an struchtúr bunaithe ar pharóistí – tá sé sin ró-Chaitliceach – ba chóir go mbeadh díreach clubanna beaga ann ar nós sacair.”
“Agus”, a deir sé, “ba chóir líon na bpeileadóirí a ísliú go duine dhéag.
“Agus”, a lean sé, “ba cheart riail nua ‘handball’ a thabhairt isteach.”
“Ag magadh atá tú,” a d’fhreagair mé faoi dheireadh.
“Ar ndóigh,” a d’admhaigh sé.
“Ach cén uair ar thosaigh tú ag magadh?” a d’fhiafraigh mé de.
“Goille,” a d’fhreagair sé, “dá mbeadh ciall ar bith ag lucht CLG ní athródh siad rud ar bith faoi. Ní imreodh Protastúnaigh CLG choíche.”
Is beag nach gá dom a lua ach gur Protastúnaigh an tuaiscirt amháin a bhí i gceist ag an duine seo.
Ní féidir liom breithiúnas iomlán cruinn a thabhairt ar fhreagra s’aige ach mothaím go bhfuil níos lú spéise ag pobal aontachtach na Sé Chontae i gCumann Lúthchleas Gael ná mar atá acu sa Ghaeilge féin fiú.
Níorbh amhlaidh an cás sin i dtólamh ach is mar sin atá sé i saol na linne seo.
Tháinig an scéilín seo chun cuimhne dom tar éis dom píosa Joe Brolly ar an ábhar seo a léamh an tseachtain faoi dheireadh.
Bhí sé ag tabhairt freagra ar chaint Aogáin Uí Fhearghaíl i leith éirí as nós CLG bratach na hÉireann a bheith ar foluain agus Amhrán na bhFiann a sheinm in aon Éirinn Nua, comhaontaithe, hipitéiseach, amach anseo.
Bhí ionsaí Joe ar Aogán binbeach agus pearsanta, mar a bhí freagra Tommy Conlan ar alt Uí Bhrollaigh sa ‘Sunday Independent’ ina dhiaidh sin.
Alt, dála an scéil, a raibh ar an Indo a tharraingt siar sa deireadh.
Ní soiléir cad atá taobh thiar den chaint is deireanaí seo ar an cheist.
Ní dócha áfach, seachas ráiteas Aogáin Uí Fhearghaíl, gur shíolraigh sé ón eagraíocht féin.
Sílim nuair a thosaíonn díospóireacht phoiblí gur fiú foinse an scéil a aimsiú – agus ceist a chur – cad é aidhm an duine atá ag spreagadh an phlé?
Is é CLG an eagraíocht is mó rath in Éirinn agus is ceist í don eagraíocht féin cé acu an bhfuil cúis mhaith ann aon chuid dá chur chuige a athrú nó nach bhfuil.
Dá mba rud é gur glacadh tagairt ar bith náisiúnta nó pholaitiúil amach ó CLG, an meallfadh sé sin Protastúnaigh an tuaiscirt isteach san eagraíocht?
Déarfadh CLG gur eagraíocht náisiúnta é seachas náisiúnach: “Eagraíocht Náisiúnta is ea an Cumann arb é a bhunaidhm an tSainiúlacht Náisiúnta a threisiú in Éirinn uile, do na 32 Contae, trí chluichí agus caitheamh aimsire Gaelach a chaomhnú agus a chur chun cinn.”
Is siombailí polaitiúla iad Amhrán na bhFiann agus brat na hÉireann, chan cultúrtha.
Is féidir a argóint go loighciúil nach gcuirfeadh a n-éagmais isteach ar an chumann an oiread sin, dá gcuirfeadh deireadh leo chun aontachtaithe a mhealladh, mar a d’argáil Jarleth Burns cheana.
Ach arís, níor chas mé ar éinne riamh a bhí den tuairim go dtarlódh sé sin, beag beann ar cad a dhéanfadh CLG.
Chomh maith leis sin, tá ceist eile ann don chumann: an féidir a bheith cinnte, tar éis deireadh a chur leis an dá shiombail seo, nach mbogfadh an díospóireacht ar aghaidh láithreach bonn go dearcadh náisiúnta uile-Éireann an eagrais?
Agus go gairid ina dhiaidh sin go Gaelachas an chumainn agus go stádas na Gaeilge féin ann (atá iontach leochaileach cheana) ina dhiaidh sin?
Rinneadh a mhór d’Aire Spóirt agus Cultúir an tuaiscirt, Paul Givan, ag ciceáil liathróide as a lámha sa stíl Ghaelach ar na mallaibh mar “an-dul chun cinn”.
Rinneadh a bheag de chaint s’aige díreach ina dhiaidh sin, áfach, nuair dúirt sé go raibh gné an chultúir i gCLG ina dúshlán dó agus gur labhair sé le hoifigigh an chlub i Lios na gCearrbhach ag a raibh sé ar cuairt faoin ghné ‘Éireannach’ seo den chumann.
“Nuair a bhuail mé le CLG d’aithin mé go raibh an chuid chultúrtha den eagras dúshlánach domh agus bhí comhrá oscailte againn faoi sin agus faoin ghné Éireannach,” ar seisean.
“Chuir mé in iúl dóibh gur féidir leis sin bheith ina bhac agus iad ag iarraidh daoine a mhealladh ó gach cuid den phobal.”
Síolraíonn buncheist as seo:
Más fadhb í an ghné Éireannach don Aire Cultúir, an féidir na daoine sin nach ‘cairde CLG’ iad a shásamh choíche?