“Déanaim bromanna as Gaeilge” – Conor McGregor


Tá sé fógartha ag an trodaí UFC Conor McGregor go mbíonn sé ag bromadh trí mheán na Gaeilge.

Bhain an Duibhlinneach dainséarach siar as go leor daoine inné nuair a thug sé freagra Gaeilge ag ócáid phreasa in Ionad Tionóil Bhaile Átha Cliath, ach dealraíonn sé anois go bhfuil ceangal níos doimhne fós ag an rua faiseanta lenár dteanga dhúchais.

D’fhreastail McGregor ar Ghaelscoileanna sa phríomhchathair sular bhain sé clú idirnáisiúnta amach i ndomhan brúidiúil UFC agus tá an-bhá aige leis an teanga i gcónaí.

Faoi láthair tá an Tíogar Ceilteach i mbun traenála dá throid ardíomhá leis an Bhrasaíleach José Aldo in Las Vegas ar 11 Iúil agus tá gach cuma ar an scéal go mbeidh an Ghaeilge mar chuid dá bheartaíocht troda.

“Dúirt mé go mbuailfinn Aldo sa chloigeann le mo chos láidir Éireannach,” arsa McGregor le NÓS.

“Ní raibh mé ag magadh faoi sin ach tá cleas eile agam chomh maith.

“Ní bhíonn sé seo ar eolas ag mórán ach tá an-chumhacht go deo sa bhroim Gaelach.

“Tá sé chomh neartmhar sin gur féidir leis daoine a leagan go talamh fiú.”

conor-mcgregor

Is cosúil go bhfuil úsáid bainte ag McGregor as bromanna Gaeilge i roinnt babhtaí UFC le bliain anuas agus gur chabhraigh siad leis a chéilí comhraic a chloí.

“Níor mhaith liom an iomarca a scaoileadh faoi ach nuair a smaoiníonn tú i nGaeilge agus nuair a ligeann tú broim ag an am céanna, bíonn sé i bhfad Éireann níos láidre, go háirithe i gcomparáid le bromanna Béarla nó Portaingéilise.

“Is geall le harm é le bheith fírinneach agus cé nach dóigh liom go mbeidh aon bheartaíocht speisialta ag teastáil uaim i gcoinne Aldo, rugadh réidh mé agus beidh mé réidh lena úsáid má thagann an crú ar an tairne.”

Deirtear linn go minic go mbíonn buntáistí breise leis an Ghaeilge ach níl aon amhras gurb é seo an buntáiste is iontaí go dtí seo.

Tá teagmháil déanta ag NÓS le saineolaithe bromannacha maidir le cumhacht na dtuthóg Gaelach ach níl aon deimhniú faighte againn go fóill maidir lena gcumas chun duine a leagan go talamh.

Beidh orainn fanacht cúpla mí eile le fáil amach an bhfuil fírinne le maíomh Mhic Ghriogair (a bhfuil gaol aige le Rab Rua de réir cosúlachta) ach, ar eagla na heagla, moltar do dhaoine tacú leis an trodaí ó chompord a dtithe féin seachas dul i ngiorracht bhroim asail ón troid.


Má tá cur amach agat féin ar bheith ag bromadh as Gaeilge, nó má mhothaigh tú a leithéid, is féidir teagmháil a dhéanamh le broimline@nos.ie

SCÉALTA EILE