Chuile uair a tharlaíonn eachtra spóirt, bíodh sé maith nó olc, labhraítear ar an tsíceolaíocht. Deirtear linn gur chlis ar a n-inchinn agus nach raibh a meon sách láidir. Nó bíonn tráchtairí ag maíomh as ucht a gcuid láidreachta síceolaíochta nuair a éiríonn le Daithí Beag an ceann is fearr a fháil ar Ghóiliat.
Go deimhin, tá go leor cloiste againn faoin tsíceolaíocht le coicís agus daoine ag tabhairt údair éagsúla do chliseadh fhoireann rugbaí na hÉireann. Faraor, ní saineolaithe an chuid is mó de na tráchtairí seo agus ag scaipeadh a gcuid aineolais a bhíonn siad go minic.
Is eolaíocht réasúnta nua í an tsíceolaíocht spóirt agus de réir a chéile tá cóitseálaithe agus foirne ag feiceáil an tairbhe a bhaineann leis. Is í an fhadhb, áfach, ná nach bhfuil mórán eolais i measc an phobail faoi na cáilíochtaí gur cheart a bheadh ag síceolaí spóirt, agus tá leatrom á dhéanamh ar daoine mar gheall air seo.
Ar chúis éicint, ní bhreathnaítear chomh géarchúiseach sin ar cháilíochtaí agus daoine á bhfostú. Sin easpa freagrachta, agus tá daoine óga ach go háirithe, á gcur i mbaol. Mar a tharlaíonn sé, le mí tá faighte amach agam faoi thrí eachtra éagsúla ina ndearnadh damáiste síceolaíoch do dhuine mar gheall go rabhthas ag obair le daoine nach raibh cáilithe, i ngan a fhios dóibh.
Glacadh leis go raibh fios a ngnó acu mar go raibh aithne orthu, mar a dúirt duine amháin liom, “mar dhaoine a bhí ag obair le foirne.” Cuireadh drochbhail ar dhuine amháin den triúr atá luaite anseo agam, agus tá an duine seo ag freastal ar thacaíocht shíceolaíochta le sé mhí anois chun déileáil leis seo agus tá an spórt caite in aer uilig aige
Caithfidh muid mar shochaí aird a thabhairt ar an meabhairshláinte agus cinntiú go bhfuil na cleachtóirí atá ag obair le daoine, an óige ach go háirithe, cáilithe. Tá a fhios againn anois go dtagann an chuid is mó d’fhadhbanna meabhairshláinte chun cinn agus daoine amach sna déaga in aois suas go dtí thart ar 23 bliain d’aois.
Is minic gur cóitseálaí nó ball foirne eile a thugann faoi deara nach bhfuil rud éicint ‘ceart’ le duine óg, agus is áis iontach é an spórt chun tacaíocht a thabhairt don té nach bhfuil ceart go leor.
Tá sé ceart go leor gan a bheith ceart go leor, a deirtear linn. Ach níl sé ceart go leor go mbeadh daoine nach bhfuil cáilithe ag ligean orthu féin gur síceolaithe spóirt iad, nó gur comhairleoirí iad, nó go mbeadh muinín ag daoine leochaileacha iontu, mar gheall ar an ról a bhíonn acu i bhfoireann.
Is iontach an rud é go dtuigeann daoine an luach a bhaineann leis an tsíceolaíocht spóirt, ach caithfear a chinntiú go bhfuil an té atá ina bhun cáillithe. Ná ghabhfá ag leath-dhochtúir dá mbeadh scornach tinn agat. Ní ghabhfá ag duine a rinne cúrsa deireadh seachtaine le fiacail a tharraingt as do dhraid. Má tá rud éicint ag cur as do do mhatáin, téann tú ag fisiteiripeoir. Tá an cloigeann níos tábhachtaí ná aon rud eile atá againn, go háirithe má tá muid freagrach as cloigne óga.