Tá scríofa cheana agam faoi na bealaí éagsúla a labhraítear faoi mhná, go háirithe nuair atá cúrsaí spóirt i gceist. Go minic, déantar iontas de go bhfuil bean go maith ar chor ar bith, nó in iarracht í a mholadh, deirtear go bhfuil sí beagnach chomh maith le fear. Cúpla mí ó shin, rinneadh go leor plé faoi fhógra Rialtas na hÉireann go mbeadh corpoideachas á thairiscint, faoi dheireadh, i roinnt scoileanna don Ardteistiméireacht.
Dúradh ag an am go rabhthas ag súil go spreagfadh an curaclam na daltaí a dhul i mbun aclaíochta go muiníneach. Má tá muid chun fanacht go mbeidh na blianta Ardteiste bainte amach, tá an cath caite cheana féin againn, go háirithe leis na cailíní. Cé go bhfuil a fhios againn ar fad go mbíonn titim thubaisteach ar an líon cailíní a bhíonn páirteach i gcúrsaí spóirt chomh luath agus a bhuaileann siad an mheánscoil, níl aon phlean leagtha amach chun a chinntiú go bhfanfaidh siad leis.
Rinne Lidl, a bhí ar cheann de na chéad chomhlachtaí a thug urraíocht do spórt na mban sa tír seo, a gcuid taighde féin faoi chailíní dara leibhéal. Bhí níos mó muiníne ag cailíní a bhí páirteach i gcúrsaí spóirt, agus mhothaigh siad níos fearr fúthu féin ná cailíní nach raibh aclaí. Léirigh an taighde freisin gur mhothaigh os cionn 60% de chailíní piarbhrú, go háirithe faoin gcaoi ar bhreathnaigh siad. Tá sé seo i bhfad níos airde ná buachaillí atá ar comhaois leo. Stop cailíní ag imirt nuair a mhothaigh siad nach raibh an tacaíocht chéanna acu agus a bhí ag buachaillí.
Cé go bhfuil a fhios againn ar fad an dea-thionchar atá ag aclaíocht ar ár gcolainn agus ar ár gcloigeann, shílfeá nach fiú dúinn cailíní a choinneáil spreagtha. Tá siad maraithe ag imní atá cothaithe ag an tsochaí ar fhaitíos go bhfeicfeadh daoine iad ag cur allais. Níl an imní seo ar bhuachaillí. Dar le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, tá an iomarca meáchain ar dhuine as chuile cheathrar páistí. Thaispeáin obair a rinne an tOllamh Niall Moyna in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath go raibh an chuid is mó de dhaltaí san idirbhliain ró-throm, cailíní den chuid is mó.
Tá sé in am againn seasamh leis na cailíní. Tá siad lán le buairt faoin gcuma atá orthu, seachas díriú ar an méid atá a gcuid cnámh agus matán in ann a bhaint amach. Caithfidh muid bealaí aclaíochta a thaitníonn le cailíní a aimsiú nó tarlóidh an rud céanna don chéad ghlúin eile.
Ní féidir linn an milleán ar fad a chur ar na scoileanna. Tá cuid den locht orainn féin mar gheall ar na nósanna a thugann muid dár gcuid iníonacha, agus an méid a chloiseann siad muid ag rá faoi mhná agus cailíní. An chéad uair eile a fheiceann tú mná Bhaile Átha Cliath nó Chorcaí i bPáirc an Chrócaigh, nó reathaí láidre, lán le sláinte agus fuinneamh, mol iad as a gcuid scileanna, ní as a gcosa breátha. Ní dhéanfá le fear é. Féach ar na rudaí gránna a dúradh sa seastán faoi Leah Lyons agus í ag déanamh ionadaíochta orainn. Tá 15 úd sa ngeansaí glas aici. Sin ábhar cainte, ní an cruth atá uirthi. Déantar dearmad nach maisiúchán atá i gcorp na mban. Tá cailíní agus mná ag fulaingt dá bharr.