Beidh Craobh na Sé Náisiún ag teacht chugainn go luath agus níl ach foireann amháin i mbéal an phobail faoi láthair — Éire. Bhuaigh siad an comórtas anuraidh sa chluiche deireanach in aghaidh Shasana agus beidh an choimhlint chéanna ann arís ar an 2 Feabhra.
Beidh foireann Shasana ag teacht go Baile Átha Cliath ag iarraidh bua a fháil faoi stiúir Eddie Jones, bua a thabharfadh go leor muiníne do Shasana agus iad ag dul i dtreo Chorn an Domhain i mbliana.
Ach beidh an t-uafás oibre le déanamh acu chun an sprioc sin a bhaint amach. Tá cosaint iontach ag foireann na hÉireann, agus tá a fhios ag gach imreoir a bheidh faoin ngeansaí glas céard atá le déanamh chun Sasana a stopadh.
Chomh maith leis sin, níl ag éirí go maith le cubanna Shasana i gcomórtas na hEorpa, agus níl ach foireann amháin acu sa bhabhta ceathrú ceannais i gcomparáid le hÉirinn a bhfuil trí cinn acu (tá ag éirí go maith le Connachta Challenge Cup freisin).
Beidh súil ag Jones nach gcuirfidh an tionchar sin isteach ar a fhoireann.
Níl Tadhg Beirne nó Iain Henderson ar fáil do Joe Schmidt don chéad chúpla cluiche, beirt a ainmníodh mar Laoch na hImeartha do Mhumhain agus Ulaidh seachtain ó shin, ach fós tá ionadaithe iontacha ar fáil le tabhairt isteach ina n-áit. Níl caill ar bith ar Devon Toner, ar James Ryan, ná ar Quin Roux.
B’fhéidir go ndéarfá go bhfuil stíl imeartha leadránach ag na hÉireannaigh, ach is cuma liom a fhad is atá siad ag buachan. Bhuaigh Sasana an comórtas i 2003, agus chuaigh siad ar aghaidh chun Corn an Domhain a chrochadh freisin. Bhí stíl imeartha sách leadránach ag fir Clive Woodward ag an am sin, ach meas tú ar chuma leis?
Tá deis iontach ag Éirinn an comórtas a bhuachan arís i mbliana mar go bhfuil na foirne is láidre acu sa bhaile. Beidh Sasana agus an Fhrainc ag taisteal go hÉirinn, agus beidh buntáiste an bhaile againn. Ní féidir luach a chur air sin.
Tá feabhas ollmhór ag teacht ar na hAlbanaigh, foireann a bheidh inár ngrúpa do Chorn an Domhain, ach beidh Éire róláidir dóibh i nDún Éideann.
Tá na hIodálaigh ag dul ó neart go neart freisin, agus ba cheart do Conor O’Shea a bheith bródúil as na hAzzuri, ach arís beidh plean ag Schmidt an lámh in uachtar a fháil orthu.
Tá go leor gortaithe ag an mBreatain Bheag faoi láthair, ach buntáiste amháin dóibh ná nach n-imreoidís in aghaidh Éireann go dtí an 16 Márta i Caerdydd, agus tiocfaidh biseach ar a n-imreoirí siúd a fhad is a bheidh ár n-imreoirí féin ag éirí tuirseach. Cluiche ollmhór a bheas ann ar an lá sin, agus má bhíonn an chóir ag na hÉireannaigh, beidh deis acu an comórtas iomlán a bhuachan. Tá súil agam go dtarlóidh sé.