‘D’fhéadfá rá gurb í mí na Bealtaine Mí Dhíomá na Muimhneach’

Tá séasúr eile críochnaithe, agus mothaíonn lucht leanúna na Mumhan mar a mhothaíonn siad an tráth seo bliana le cúpla bliain anuas. 

D’fhéadfá rá gurb í mí na Bealtaine Mí Dhíomá na Muimhneach.

Chaill Mumha in aghaidh Laighean an deireadh seachtaine seo caite, agus tá go leor raiméise le léamh ar Twitter agus sna nuachtáin maidir leis an gcaoi ar chaill siad. Tá go leor cainte ann faoi ionsaí Laighean, agus an chaoi nach raibh Mumha in ann na seansanna céanna a chruthú i rith an chluiche. 

Ach breathnaímis ar na fíricí:

Thosaigh Ross Byrne ag uimhir a deich do na Laighnigh agus tá sé tar éis cúpla séasúr a chaitheamh ag foghlaim ó Jonny Sexton. Thosaigh Joey Carberry an cluiche do Mhumhain, agus cé gur imreoir den scoth é, níor imir sé mórán rugbaí le cúpla mí anuas.

Ina theannta sin, tá Byrne á threorú ag Felipe Contepomi agus Stuart Lancaster, beirt fhear a bhfuil i bhfad níos mó taithí acu sa chluiche ná mar atá ag Felix Jones.

Tá Flannery agus Jones ag fágáil an chúige anois, agus tá sé práinneach do Johann van Graan go roghnóidh sé na daoine is fearr don phost go fadtéarmach, agus ní hamháin na daoine atá ar fáil faoi láthair.

Beidh roinnt de na cóitseálaithe is fearr ar domhan gnóthach go dtí thart ar mhí na Samhna mar gheall ar Chorn an Domhain, ach ba cheart do Mhumhain a bheith foighneach agus súil a choinneáil orthu uilig. 

Cé go bhfuil fáil ar Mike Prendergast agus Stephen Larkham anois, caithfidh lucht bainistíochta na Mumhan a bheith cinnte faoin té a roghnóidh siad — ní ghlacfaidh lucht tacaíocht Mumhan leis an dara rogha is fearr. 

B’fhéidir go dtógfadh sé bliain ar an té a cheapfar a stíl imeartha nó a stíl chosanta a chur i bhfeidhm, ach beidh lucht leanúna na Mumhan sásta a bheith foighneach má chiallaíonn sé go mbeidh corn á bhronnadh orthu an bhliain ina dhiaidh sin.

Níl Mumha rófhada ó chaighdeán Laighean. Tá imreoirí maithe acu, agus bíonn siad ag imirt sna cluichí ceannais bliain i ndiaidh bliana. Ní theastaíonn ach splanc san fhoireann go mbeidh siad in ann dul san iomaíocht leis na foirne is fearr san Eoraip, agus an lámh in uachtar a fháil orthu. 

Scríobhadh go leor an tseachtain seo faoin cluiche an deireadh seachtaine agus caighdeán imeartha na Mumhan, ach caithfear a bheith réalaíoch faoi.

An í Mumha an fhoireann is fearr san Eoraip? Ní hí.

An bhféadfadh sí a bheith? Cinnte.

SCÉALTA EILE