Dhá bhua de dhíth ar Stephen Kenny – ach an chuma air go mbeadh sé rómhall

Beag beann ar cén taobh ar a raibh tú féin sa díospóireacht faoi ré bainistíochta Stephen Kenny le trí bliana anuas, bhí i gcónaí rud éigin le bheith ag labhairt faoi ar a laghad.

Is aisteach an rud, mar sin, a bheith ag druidim i dtreo dhá chluiche cáilíochta do Chraobhchomórtas na hEorpa 2024 agus gan fuadar ná focal dá laghad le mothú.

Ar ndóigh, thiocfadh leat an milleán a chur ar an rugbaí, agus foireann náisiúnta eile atá ar thairseach stair a dhéanamh ina spórt féin. Is dócha go mbeadh sé níos ábhartha an pointe a dhéanamh go bhfuil sé beagnach dodhéanta anois go mbainfidh Éire ceann de na háiteanna cáilíochta amach sa ghrúpa – fiú má éiríonn leo dhá bhua a chlárú i gcoinne na Gréige agus Giobráltair an deireadh seachtaine seo.

Ní éireoidh leis sin, ar deireadh thiar thall, ach béim a tharraingt ar an tuairim go bhfuil deireadh a bóthair bainte amach ag an bhainistíocht seo – smaoineamh atá dosheachanta ó d’imir Éire i gcoinne na Gréige i mí Meithimh na bliana seo.

Ag labhairt dó tar éis an chluiche, dúirt Gus Poyet, bainisteoir fhoireann na Gréige, go raibh sé ábalta a lán-chúlaithe a dhíriú i dtreo na mbearnaí chun tosaigh a d’fhág comhpháirtíocht Evan Ferguson agus Adam Idah. Murar leor sin, bhí a fhios aige go gcuirfeadh Kenny fear lár páirce eile isteach ansin chun na bearnaí sin a líonadh, rud a ligfeadh scaipeadh níos leithne don Ghréig chun gearradh trí fhoireann na hÉireann.

Faraor, in ainneoin an mhí-áidh ar fad atá tagtha ar Stephen Kenny – na gortuithe fulaingthe ag a imreoirí; an phaindéim a d’fhág a fhoireann óg ag imirt gan slua ar feadh bliana; agus an díospóireacht fhíochmhar a d’fhan go dlúth ina shála ón tús – is í an tsoineantacht theaicticiúil seo a bheidh mar scéal a réime sa deireadh thiar thall.

Micreacosma eile de sin a bhí le feiceáil sa chluiche is déanaí i gcoinne na hÍsiltíre. Tar éis tús fíochmhar cróga inar chuir Éire a freasúra faoi bhrú, d’aithin cóitseálaí a raibh níos mó taithí aige ar an taobh eile cur chuige teaicticiúil na hÉireann. Rinne sé coigeartuithe beaga le cur ina coinne, agus ní raibh freagra dá laghad ag Kenny. Ní raibh mar thoradh air seo ach dara leath leamh a bhí níos míshásúla arís mar gheall ar an splanc dóchais a chuaigh i léig leis.

Ar bhealach amháin, mar sin, ní mór an t-iontas é go mbeadh bainistíocht na hÉireann níos teanntásaí ná mar atá an gnáth-thacadóir sula dtugann siad aghaidh ar an Ghréig arís. Tá na bealaí inar cuireadh é sin in iúl measartha aisteach agus, le fírinne, ag teacht leis an pharanóia éadrom atá ina saintréith eile den ré bainistíochta seo.

Ó chuir an bainisteoir cúnta Keith Andrews i leith go raibh Gus Poyet ag úsáid brathadóir Éireannach chun foghlaim faoi theaicticí na hÉireann, agus Kenny agus Matt Doherty ag gearán faoi iompar imreoirí na Gréige sa chluiche deireanach — is cosúil go bhfuil an líne chaol idir muinín agus mórtas ag éirí níos tanaí agus dóchas na cáilíochta ag imeacht leis.

Bhí téama coitianta níos dearfaí le brath ag preas-ócáidí na seachtaine seo fosta. Mar atá déanta de shíor ag a imreoirí ó thús ré Kenny, thug an cúl báire Gavin Bazunu a thacaíocht iomlán dó le cur síos suimiúil ar a chur chuige.

“Leis an bhainisteoir atá againn, ní hamháin gur bainisteoir iontach daoine é, tá sé ar fheabhas ó thaobh teaicticí agus a chur chuige i leith cluichí,” a dúirt Bazunu.

“Ceapaim go bhfuil an bealach a labhraíonn sé leis na himreoirí iontach – ní dhéanann sé beag is fiú díot nó aon rud mar sin. Bhí sé ar fheabhas domsa i gcónaí i dtaobh muinín de, agus le go mbeadh féinmhuinín iomlán agam roimh gach cluiche.”

Níor chosúil ag aon stad le trí bliana anuas nach raibh an tacaíocht sin ag Kenny óna imreoirí. Ní raibh de mhisneach ná de chumas ag duine ar bith dá réamhtheachtaithe scuad óg iomlán nua a aimsiú agus a fhorbairt mar atá déanta aige.

Tugann sé sin muid chuig an seans is fearr atá ag Éirinn toradh dearfach a bhaint amach ón deireadh seachtaine seo – Evan Ferguson. Sampla millteanach den mhí-ádh atá ar Stephen Kenny le cúpla bliain a bhí sa ghortú a d’fhulaing Ferguson ag an nóiméad deireanach roimh na cluichí is déanaí in éadan na Fraince agus na hÍsiltíre – cúpla lá i ndiaidh don tréchleas a fuair sé i gcoinne Newcastle. Cleas a chuir sceitimíní ar lucht sacair na tíre seo faoin todhchaí.

Fiú mura mbeidh an t-atmaisféar i mBóthar Lansdún anocht chomh sceitimíneach céanna leis sin, ná leis an méid a bhíodh á mholadh go hard na spéire ag Stephen Kenny i mbuaicphointe a réime, is cinnte go mbeidh súile an tslua sáite i dtaispeántas Ferguson. Braithfidh seansanna na hÉireann ar an fhear óg mar a bhraithfidh atmaisféar na staide.

Bhí an tacaíocht láidir sin ó lucht freastail na gcluichí ina hargóint láidir ag Stephen Kenny agus ag a thacadóirí i gcónaí – rud a bhí, dar leis, mar fhreagairt ar an stíl imeartha tharraingteach a chuir sé i bhfeidhm. Tá geallta aige an tseachtain seo go bhfuil a fhoireann ag iarraidh dul ar ais i dtreo na stíle seilbh-bhunaithe sin.

Táimid rófhada thíos an bóthar, áfach, le go mbeidh an stíl imeartha ná crógacht an taispeántais mar shlat tomhais d’Éirinn mar fhoireann. Ní dhéanfaidh ach dhá bhua cúis an deireadh seachtaine seo, i dtaobh cáilíochta agus todhchaí na bainistíochta de araon – ach tá an chuma air go mbeadh an méid sin fiú rómhall faoin am seo.

Le cuidiú Dé, beidh tuairim níos fearr againn faoi leath i ndiaidh a naoi anocht.

SCÉALTA EILE