I measc na gcluichí a chonaic mé le déanaí bhí an cluiche idir Ros Comáin agus Tír Eoghain sa chéad bhabhta den sár-ochtar.
Tráthnóna álainn samhraidh a bhí ann, agus bhí slua mór millteach cruinnithe i bPáirc de hÍde.
Thosaigh Ros Comáin go maith, ach de réir a chéile, shlog Tír Eoghain iad agus bhí an lucht tacaíochta áitiúil díomách go maith agus iad ag dul abhaile.
Ní raibh mise ach i gcúinne beag amháin, áfach, agus mar sin, ní féidir liom a rá go cinnte go raibh an méid a chuala mé forleathan, ach bhí fear amháin le mo thaobh a thug an oiread sin íde don réiteoir, don dá fhoireann agus do lucht tacaíochta Thír Eoghain go raibh mé náirithe ar fhaitíos go gceapfadh aon duine go raibh mé ina chomhluadar.
Ag tráth amháin sheas sé suas, bhuail sé cic ar a chathaoir, rith sé siar go dtí an balla agus bhuail sé snaidhm air, le teann cantail nuair a chlis ar chic a rinne fear óg as Ros Comáin ar an bpáirc.
Níos measa ná sin, sa dara leath, nuair a thosaigh Tír Eoghain ag fáil ceannasaíocht iomlán ar an gcluiche thosaigh sé ag sciolladh os ard sa gcaoi agus go gcloisfí é ag maíomh go raibh údar ag an gcuid eile den tír gráin a bheith acu ar an gcontae sin, agus gur ailse ar an bpeil agus ar na Gaeil a bhí iontu.
Agus níor cheap sé go raibh tada as áit ráite aige.
Thriail mé sa gcéad leath beagán de shárú a dhéanamh air, ach thuig mé scioptha go maith nach bhféadfaí aon réasún a bhaint as an bhfear.
Ba bhreá liom a rá gur annamh a tharlaíonn na rudaí seo, ach go tráthúil, an tráthnóna céanna, fuair mé teachtaireacht ó chara a bhí i bPáirc an Chrócaigh, agus a bhí tar éis racht feirge a fháil ó chúpla duine as Baile Átha Cliath ar Chnoc 16 mar gur thug sé bualadh bos do Chorcaigh.
Mar a tharlaíonn sé, níorbh as ceachtar den dá chontae é, ach go raibh sé ann le taitneamh a bhaint as an bpeil.
As Ard Mhacha é, cloiseadh a chanúint, agus dúradh leis filleadh ar Thír Eoghain.
Is dóigh gurbh é sin an masla ba mhó – ag cur i leith fear as Ard Mhacha gurb as Tír Eoghain é!
Tháinig an cineál seicteachas aisteach Gaelach seo amach arís, agus ‘lucht tacaíochta’ na nGael ag rá le daoine as an Tuaisceart filleadh ar a n-áit féin.
Le blianta, ó thosaigh mé ag dul chuig cluichí, tá daoine cloiste agam ag maslú daoine eile ag cluichí Gaelacha de bharr gurb as an Tuaisceart iad.
Déantar cinnte de go bhfuil a fhios acu go bhfuil siad ‘difriúil’ ón gcuid eile againn, rud a théann glan in aghaidh éiteas CLG.
Tá sé deacair ar dhuine ar bith dul amach agus imirt dá gcontae, agus deacair ar lucht tacaíochta an tír a thaisteal ag tacú leo.
Tá sé níos deacra fós ar go leor daoine ó thuaidh sin a dhéanamh mar gheall ar an tsochaí ina bhfuileadar ag maireachtáil.
Ní thuigim cá bhfuil an cineál seo ciníochais ag teacht as, agus faraor, is ag treisiú atá sé.