Feachtas le bunú chun cothromas a bhaint amach i saol an spóirt?

Nár bhoichte saol an spóirt gan an raidió? Gan “siúd é ar an chaoga, siúd é ar an daichead, siúd é ar an tríocha, siúd é ar an talamh” Mhíchíl Uí Mhuircheartaigh, “schemozzle” Mhíchíl Uí Eithir agus ar ndóigh smeacharnach “KAAATTTTTTTIIIIIEEEEEEE TAAAAAAAAYYYYYLLLLLORRRRRRRR!” SBB?

Tá mistéir ar leith ag baint leis – mistéir nach mbaineann leis an teilifís – gan agat ach do chluas agus do shamhlaíocht. Ach bhí mistéir eile a bhain leis Dé Sathairn seo caite a bhain siar asam.

Ar thuras bóthair a bhí mé féin agus cúpla cara agus an raidió réidh againn do chluichí móra an lae. Bhí dhá chluiche mhóra ann ag an aon am amháin – Loch Garman agus an Ghaillimh i gcluiche ceathrú ceannais na sraithe iomána agus cluiche ceannais camógaíochta Chraobhchomórtas Sinsear na gClubanna idir Sleacht Néill agus na Sairséalaigh. Bhí go leor sa charr nach raibh Gaeilge acu agus roghnaíodh RTÉ 1 dá réir.

Tugadh tús áite don chluiche iomána agus achoimre ghearr anseo is ansiúd ar eachtraí na camógaíochta. I dtreo dheireadh na hiomána, fógraíodh go mbeadh plé ar ball ar US Masters an ghailf. Bhí go maith. Tá suim agam féin sa ghalf agus ba dheas cúpla leid mheáite a fháil faoin dóigh is fearr le mo nóta cúig phunt a bhronnadh ar na geallghlacadóirí i mbliana.

Ansin nuair a tháinig deireadh leis an chluiche iomána ghlac muid leis gur anonn go Cluain Eois a thabharfaí muid don chamógaíocht. Ach ní mar sin a tharla. An raibh fabht sa teicneolaíocht thall i gCluain Eois? An é go raibh púca éigin i script an láithreora? Arbh é Lá na nAmadán é?

Mistéir cheart!

Seachas dul caol díreach chuig an chluiche camógaíochta, an galf a bhí idir chamáin! Ach tá na Masters beagnach coicís uainn!

Caint leamh i stiúideo ciúin gan bhrí, murarbh ionann agus teannas na camógaíochta a bhí ag bolgadh chun buaice. Anonn linn ansin go Spórt an tSathairn Raidió na Gaeltachta agus mise ag brath aistritheoir comhuaineach i mbréagriocht Mhichíl Uí Mhuircheartaigh a dhéanamh díom féin do gach duine eile sa charr, nó fógraíodh go raibh “sciuird sciobtha” á tabhairt go Cluain Eois.

Dúradh go raibh Sleacht Néill i ndiaidh cúl cinniúnach ó phoc pionóis a scóráil agus gan ach 13 bhomaite fágtha. Bhí an cluiche, an cath, ina theas i gceart anois.

Ach cad a tharla ansin? Mistéir eile!

Seoladh an lucht éisteachta go tarraingt bheo chraobh pheile Dhún na nGall.

“Cá fhad a mhairfeadh an tarraingt seo?” a d’fhiafraigh muid. Níos mó ná na 13 bomaite faoi mar a fuair muid amach! Faoin am ar tráchtadh ar chluiche ceannais na camógaíochta arís, bhí sé thart. Faic na fríde a dúradh faoin chluiche idir an dá linn. Gan againn ach an toradh.

2-11 vs. 1-09 ar son mhná Shleacht Néill. Figiúr fuar matamaitice.

Cad a d’inis na figiúirí sin dúinn faoi shábháil Jolene Bradley sa chéad leath, faoi shábháil Eilís Ní Chaiside sa dara leath, faoi laochas Tina Hannon i rith an chluiche, faoi cheapadh mór Bhróna Ní Chaiside i mbéal an chúil, faoi… faoi… faoi…

Guth spréachta an tráchtaire a bhí uainn faoi thréine na coimhlinte, faoi gach pas agus poc amú, faoi gach sciorradh coise agus tarraingt léine, faoi gach éacht scórála agus gach gaisce crógachta. Cúl tuathail, nó más cirte a rá, bógaí dúbailte na stáisiún an t-aon éacht scórála a bhí le sonrú.

An é gur mheas lucht sceidealaithe RTÉ gur thábhachtaí comórtas gailf a bhí beagnach coicís ar shiúl agus tarraingt craoibhe ná cluiche ceannais na hÉireann? An é gur mheas sé nach raibh cluiche ceannais camógaíochta na hÉireann sách ‘mór’? An gcaithfí amhlaidh le cluiche ceannais iomána na hÉireann idir Cuala agus na Piarsaigh? Cá raibh an chiall, an meas, an fair play?

An amhlaidh go bhfuil feachtas eile le bunú chun cothrom na Féinne a bhaint amach i saol an spóirt amhail Fair Plé an cheoil thraidisiúnta? An amhlaidh go bhfuil feachtas ar leith le bunú do gach uile mhionghné i saol na mban chun cothrom na Féinne agus an fair play atá ag dul dóibh a bhaint amach?

Sin mistéirí atá le fuascailt go luath.

SCÉALTA EILE