Nuair a thiocfaidh an lá a bheidh staraithe ag scríobh faoi lúthchleasaithe na linne seo, beidh orthu caibidil iomlán a chur ar leataobh le haghaidh Katie Taylor agus an méid atá bainte amach aici.
Ní hamháin go bhfuil gaiscí Oilimpeacha déanta aici, ach anois is duine de na dornálaithe is aitheanta ar fud an domhain í. Tiocfaidh an lá freisin, a bheidh dearmad déanta ag go leor ar laochra éagsúla spóirt, agus go deimhin, tiocfaidh an lá a bheidh gasúir ag dornálaíocht agus nach mbeidh cliú acu cé hí Katie Taylor, ach go mbeidh siad ag dornálaíocht dá barr, go háirithe más cailíní iad.
Ag 15 bliain d’aois throid Taylor sa gcéad throid oifigiúil do mhná in Éirinn. Faoi 2012, bhí dornálaíocht na mban sna Cluichí Oilimpeacha, go leor den bhuíochas sin ag dul do Taylor, a rinne go leor oibre le go mbeadh sé ann.
Anois, agus í fós i mbun troda, is minic a dheireann gasúir gurbh í Katie Taylor an laoch atá acu. Agus, tá ardú ollmhór ar an líon cailíní atá ag dornálaíocht. An t-imreoir leadóige, Billie Jean King, a dúirt “you have to see it to be it.” Nach aici a bhí an ceart.
Uair ar bith a sheasann bean amach ag déanamh rud éigin, tugann sé ugach don té atá ag teacht ina diaidh. Anois, tá ré nua dornálaithe óga ag teacht chun cinn, agus nuair a cheistítear iad, deireann siad ar fad gurbh í Katie Taylor a spreag iad. Tá seachtar trodaí proifisiúnta anois ag Éirinn; Taylor, Lynn Harvey, Siobhán O’Leary, Cathy McAleer, Elaine Greenan, Christina McMahon agus Katelynn Phelan.
Tá céim eile anois tógtha ag dornálaíocht na mban agus Katelynn Phelan ag dul sa bhfáinne an mhí seo chugainn. Beidh sí ar an mbean is óige in Éirinn ag dornálaíocht go gairmiúil. 18 bliain d’aois atá bean óg Chill Dara agus tá boinn shóisir Eorpacha agus Domhanda aici cheana féin.
Briseann an dúchas ar ndóigh. Fuair Katie Taylor a cuid tacaíochta ón hathair, agus tá dornálaíocht sa bhfuil ag Phelan chomh maith. Tá a deartháir, Allan, ag troid go proifisiúnta, agus bíonn a hathair á traenáil.
Mar sin, tá na heiseamláirí agus na laochra tábhachtach. Ach tá ugach an bhaile tábhachtach chomh maith. Léirigh taighde a rinne Lidl dhá bhliain ó shin gur chaith leath na gcailíní atá 13 bliain d’aois an spóirt an aer faoin am gur thosaigh sé ag freastal ar an meánscoil, agus dúirt go leor de na cailíní a ceistíodh gur stop siad mar gheall ar easpa tacaíochta ón mbaile.
Thug na cailíní seo faoi deara freisin go raibh níos mó ugach á thabhairt dá ndeartháireacha. Tá rudaí anois ag dul i bhfeabhas, agus tógann sé píosa fada cultúr a athrú. Tá a cuid déanta ag Katie Taylor. Caithfidh muidne breathnú anois ar a bhfuil muidne in ann a dhéanamh chun bean óg a choinneáil spreagtha.