‘Snámh for the Soul’ a thugann siad orthu féin, agus téann siad ag snámh le héirí na gréine gach deireadh seachtaine. Is iad Nell Ní Chíobháin agus Enya Sheehy ó Chorca Dhuibhne a bhunaigh an grúpa neamhfhoirmeálta seo toisc oiread dúil a bheith acu sa tsnámh.
Bhog an bheirt abhaile go hIarthar Duibhneach ó Chorcaigh i dtús na géarchéime, áita rabhadar páirteach sa ghrúpa ‘Rise and Swim Cork’, agus bhí rogha bhreá de thránna fada fairsinge acu sa Ríocht ar theacht abhaile dóibh.
Thosnaíodar i mBín Bán, lasmuigh den Daingean le giolcadh an ghealbhain, ar an 10 Lúnasa agus 20 duine ina measc, idir fhearaibh, mhnáibh agus leanaí. 19°C a bhí an t-uisce an mhaidin san.
Mo léir, ní raibh sé ach 12°C Dé Sathairn seo caite, ach a dtum suas le aon duine dhéag a gceann sa tsáile ag Tráigh an Fhíona i bParóiste an Fheirtéaraigh.
Tá Tráigh Fhionntrá, Ard na Caithne, Tráigh an Chléirigh i mBaile na nGall, Tráigh an Fhíona, agus Bín Bán déanta anois acu, agus súil ag na gearrchaillí triail a bhaint as gach tráigh sa dúiche sna seachtainí amach romhainn. Tháinig duine amháin ón gClochán chun dul ag snámh maidin amháin, ó thaobh thuaidh ar fad na leithinse! Sin dúthracht agat!
Tá tarrac sa tsáile, agus tá súil ag Nell agus Enya go leanfaidh muintir na háite, is cuma cén cumas snámha atá iontu, ag snámh in éineacht leo ar thránna Chorca Dhuibhne sa gheimhreadh.
Toisc éirí na gréine a bheith níos déanaí sna míonna romhainn, áfach, b’fhéidir gur le luí na gréine a rachaidís ag snámh. Bí leo, le muga deas tae nó caifé, agus buidéal uisce te seans, i ndiaidh na farraige, agus beidh seal cibeail ar an dtráigh. Faigh amach cá mbeidh an chéad eachtra eile, ar a leathanach Instagram. Gaolainn agus Fáilte!