Geansaí ‘An Dream Dearg’ ar fáil ó O’Neill’s

Tá geansaí peile ‘An Dream Dearg’ ar fáil ón gcomhlacht éadaí spóirt O’Neill’s. Tá an geansaí féin dearg agus tá suaitheantas na gluaiseachta, an ciorcal dearg, agus an haischlib #AchtAnois ar bhrollach an gheansaí. Is é ‘Féile Peile na nGaelscoileanna’ i gContae Aontroma a dhear an geansaí agus a chuir ar fáil don mhórphobal é ar shiopa idirlín O’Neill’s.

Beidh daltaí ó 12 bunscoil lánGhaeilge agus ó Choláiste Feirste, an mheánscoil lánGhaeilge i mBéal Feirste, ag glacadh páirte sa gcomórtas peile i mí Aibreáin agus dearadh geansaithe na bliana seo le tacaíocht a léiriú don fheachtas leanúnach atá ar bun ó thuaidh le hAcht Gaeilge a thabhairt isteach.

Dúirt Seán Fennell, duine de lucht eagraithe na féile peile, gur beartaíodh i mbliana dathanna an gheansaí oifigiúil a athrú agus suaitheantas an ghrúpa feachtais a chur leis mar gheall ar an dlúthbhaint a bhí ag gluaiseacht na Gaelscolaíochta ó thuaidh leis an bhfeachtas ar son Achta Gaeilge le breis agus bliain anuas.

Ghlac daltaí scoile ó Ghaelscoileanna Bhéal Feirste agus bailte eile ar fud an Tuaiscirt páirt in agóidí agus léirsithe ar feadh na bliana seo caite agus i mbliana mar chuid d’ollfheachtas an Dreama Dheirg.

“Gach bliain déanann muid geansaí nua, anuraidh bhí an geansaí glas agus i mbliana, ar an ábhar go bhfuil dlúthbhaint againn ar fad leis an Dream Dearg, bhí na páistí ag siúl ag an Lá Dearg agus ag rudaí eile, d’athraigh muid dathanna an gheansaí go dearg agus fuair muid cead ón Dream Dearg a suaitheantas a úsáid,” a dúirt Seán le NÓS.

Bunaíodh Feile Peile na nGaelscoileanna tamall de bhlianta ó shin leis na Gaelscoileanna in Aontroim a thabhairt le chéile agus comórtas spóirt a chur ar bun. Bíonn idir bhuachaillí agus chailíní ag glacadh páirte sa gcomórtas agus roghnaítear ‘Foireann na Féile’, foireann imreoirí ó gach scoil a ghlacann páirt ann, agus bronntar Geansaí na Féile ar na himreoirí sin. Ní gá gurb iad na himreoirí is fearr peil a roghnófaí d’Fhoireann na Féile ach an duine is mó spiorad nó an duine is mó a d’fhreastail ar sheisiúin thraenála. Den chéad uair riamh, beidh na geansaithe ar fáil do mhórphobal ar shuíomh idirlín an chomhlachta O’Neill’s. Is é Fionntán Ó Mealláin ón gcomhlacht Cruidín a dhear an geansaí nua go speisialta don chomórtas peile.

Tá an uimhir ‘3’ ar chúl an gheansaí, uimhir an imreora óig Liam Ó Muirí a bhásaigh le hailse tamall ó shin. Is as Liam Ó Muirí a ainmníodh Corn Uí Mhuirí, príomhchorn an chomórtais. Tá dhá chorn eile ann, Pláta Choláiste Feirste agus Sciath Laochra Loch Lao.

Anuas ar dhathanna agus lógó an Dreama Dheirg, tá ar an ngeansaí suaitheantas Choláiste Feirste agus lógó an charthanachta DeterMND, carthanacht a bhunaigh iarchaptaen Aontroma Anto Finnegan nuair a fuair sé an scéala go raibh an galar néarón luadrach air.

Thug Cumann Sóisialta Pháirc Mhic Easmainn urraíocht d’Fhéile na Gaelscoileanna leis na geansaithe nua a cheannacht.

SCÉALTA EILE