Rinneadh athbhrandáil ar roinnt geansaithe de chuid Baseball Ireland le deireanas agus an leagan Gaeilge d’ainm na tíre anois in úsáid ar na geansaithe sin. Go dtí seo, ba ‘Ireland’ a scríobhtaí ar chultacha imeartha na foirne.
Tá an t-athrú le feiceáil ar gheansaí baile na foirne faoi 18, foireann a tháinig sé séú háit i gcomórtas idirnáisiúnta san Eoraip an mhí seo caite. Tá ‘Éire’ scríofa i gceannlitreacha ar bhrollach an gheansaí bháin agus ghlais.
Dúirt iar-uachtarán Baseball Ireland, Peadar Ó Caomhánaigh, duine de chomhbhunaitheoirí an Pop Up Gaeltacht, go raibh sé mar aidhm aige “rud speisialta a dhéanamh” mar uachtarán le “féiniúlacht Baseball Ireland” a léiriú.
Thug sé le fios go bhfuil ainm Gaeilge ar chlár óige an chumainn spóirt — Acadamh Baseball Ireland — ach go raibh sé ag iarraidh “níos mó a dhéanamh”.
“Ní fheictear an Ghaeilge ar gheansaithe. sacair, rugbaí, cruicéid ná haca na hÉireann, seachas ar an mbanda láimhe a chaitheann an captaen ar an bhfoireann sacair. Nuair a thugamar an rogha don fhoireann faoi 18, bhíodar lán-sásta an deis a thapú agus an Ghaeilge a iompar ar a ngeansaithe.
“Toisc go bhfuil Acadamh Baseball Ireland chomh nua sin, is Gael-Mheiriceánaigh, den chuid is mó, iad baill na foirne. Cé nach bhfuil an Ghaeilge acu, tádar an-bhródúil as a n-oidhreacht Ghaelach.” a dúirt Peadar le NÓS.
Ghabh Peadar buíochas lena chomharba, Tom Kelley, as an obair atá déanta aige féin “an aidhm chéanna agus an oidhreacht Ghaelach na tíre” a cheiliúradh agus a chur chun cinn.
Tá na geansaithe nua ar fáil do lucht leanta Baseball Ireland i Stáit Aontaithe Mheiriceá ar phraghas $129.99. Tá sé i gceist ag Baseball Ireland na geansaithe a chur ar an margadh in Éirinn nuair is acmhainn don eagraíocht a leithéid a dhéanamh.
Is eagraíocht uile-oileána í Baseball Ireland a rialaíonn an daorchluiche in Éirinn. Tá an cluiche á imirt i sraitheanna sa tír seo ó bhí 1997 ann agus tá roinnt bonn buaite ag foirne an chumainn i gcaitheamh na mblianta. Tá an tsraith náisiúnta ar siúl i láthair na huaire agus bhuaigh an fhoireann shinsir bonn óir i gcraobh na hEorpa coicís ó shin.
Tá an focal ‘Éire’ le feiceáil ar tháirgí éagsúla de chuid eagraíochtaí eile spóirt in Éirinn, ar nós an FAI agus Swim Ireland ach ní fheictear an leagan Gaeilge d’ainm na tíre ar gheansaithe oifigiúla na bhfoirne náisiúnta sin. Is rímhinic a bhíonn logainmneacha na gcontaetha i nGaeilge ar gheansaithe Chumann Lúthchleas Gael.