Tá go leor againn fud fad na tíre a chaith geansaí de chuid O’Neills thar na blianta, geansaithe club agus contae CLG ach go háirithe.
Ach ní foirne in Éirinn amháin a mbíonn lógó an chomhlachta le feiceáil ar a gcuid éadaí, mar go bhfuil an t-ainm clúiteach anois ar gheansaithe sacair an Chongó!
Cuirtear tús inniu le Corn Afraiceach na Náisiún agus beidh imreoirí ón Phoblacht Dhaonlathach ag caitheamh gheansaithe O’Neills nuair a théann siad chun páirce i gcoinne na Saimbia in Ebebiyín, sa Ghuine Mheánchriosach.
Seo an chéad uair riamh don bhranda Éireannach táirgí a sholáthar san Afraic agus beidh siad ag súil go n-éiríonn go maith le foireann PD an Chongó, atá rangaithe ag uimhir 51 ar domhan, sa phríomhchomórtas sacair san Afraic.
Is é an Cósta Eabhair atá mar rogha na coitiantachta don teideal iomráiteach, ach níl aon ‘O’Neills’ ar a ngeansaithe siúd.