Tá feachtas nua earcaithe tosaithe ag an gcumann lánGhaeilge Na Gaeil Óga CLG i mBaile Átha Cliath d’imreoirí do gach foireann, idir fhir agus mhná, atá ag an gcumann.
Cuirfidh Na Gaeil Óga fáilte roimh imreoirí nua a bhfuil spéis acu sa bpeil, san iomáint, sa gcamógaíocht agus i bpeil na mban.

Deir baill shinsearacha an chumainn, a bunaíodh in 2010 leis an nGaeilge a chur chun cinn trí mheán an spóirt, go bhfuil spéis léirithe ag roinnt mhaith daoine nua sa gcumann agus súil acu go mbeidh na daoine sin ag imirt san athbhliain.
Má tá spéis ag daoine a d’imir d’fhoirne i mBaile Átha Cliath roimhe seo in imirt do Na Gaeil Óga in 2020, ní mór foirmeacha aistrithe a chur faoi bhráid an Chontae faoin Aoine seo ar a dheireanaí. Bheadh ruainne beag níos mó ama ag duine a d’imir i gcontae eile nó nár imir roimhe seo.

Tá foirne ag leibhéil éagsúla d’fhir agus do mhná in aoisghrúpaí éagsúla ag Na Gaeil Óga. Tá na foirne do dhaoine fásta lonnaithe i lár na cathrach, ach bíonn na imreoirí faoi aois ag imirt i gceantar Leamhcáin mar a bhfuil sé beartaithe ag an gcumann iad féin a lonnú go fadtéarmach.
Bíonn imeachtaí go leor á reáchtáil ag an gcumann taobh amuigh de na cluichí agus den traenáil féin, agus áirítear Na Gaeil Óga ar cheann de na gluaiseachtaí is láidre teanga sa bpríomhchathair le tamall de bhlianta anuas.

Ní mór do dhaoine a bhfuil spéis acu a bheith ag imirt le Na Gaeil Óga CLG dul i dteagmháil leis an gcumann ar na meáin shóisialta chomh luath agus is féidir.