Tá súil ag Na Gaeil Óga CLG, an cumann CLG lánGhaeilge i mBaile Átha Cliath, an dara foireann iomána a chur chun páirce an bhliain seo chugainn. Bunaíodh Na Gaeil Óga i mBaile Átha Cliath in 2010 agus gan ach an t-aon fhoireann peile amháin acu.
Ó shin, tá an dara foireann peile ann do na fir, tá foireann pheil na mban, foireann camógaíochta, foireann iomána agus foirne d’imreoirí faoi aois. D’fhógair an cumann an tseachtain seo go bhfuil súil acu an dara foireann iomána a chur chun páirce san athbhliain agus tá imreoirí nua á lorg acu faoi láthair.
Cuireadh an chéad fhoireann ar bun tamall de bhlianta ó shin agus tá an-rath ar an bhfoireann le blianta beaga anuas. Tá ardú céime bainte amach acu i mbliana don tríú bliain as a chéile. Deir lucht an chumainn go gcaithfear imreoirí nua a earcú anois lena chinntiú go mbeidh an dara foireann ann in 2019.
Imríonn Na Gaeil Óga i gcomórtais Bhaile Átha Cliath agus tá coirn éagsúla buaite ag foirne éagsúla i gcaitheamh na mblianta. D’éirigh go han-mhaith le foireann na bhfear sa bpeil i mbliana agus ‘an tsraith fhoirfe’ bainte amach acu — gach uile chluiche sa tsraith buaite acu. ]
Is foireann lánGhaeilge iad Na Gaeil Óga agus is i nGaeilge a bhíonn an traenáil, an imirt agus an saol sóisialta an chumainn.
Caithfidh imreoirí a d’imir an iomáint le cumann eile i mBaile Átha Cliath riamh cheana clárú le Na Gaeil Óga CLG roimh Dé hAoine an 7 Nollaig, ag deireadh na seachtaine seo, lena chinntiú go mbeidh cead chun páirce acu sa ngeansaí dúghorm an bhliain seo chugainn.
Cé go bhfuil feachtas earcaíochta ar leith ar bun don dara foireann iomána faoi láthair, glactar le himreoirí nua ar na foirne eile freisin.