Iománaithe Montana ag tionól chun catha


Tá tús curtha cheana féin leis an gcraobh iomána anseo in Éirinn ach ní sa tír seo amháin atá iománaithe á n-ullmhú féin le haghaidh na ndúshlán amach rompu.

Le cúig bliana anuas tá sraithchomórtas iomána á reáchtáil idir ollscoileanna sna Stáit Aontaithe agus tá borradh mór ag teacht faoin spórt thall de réir a chéile.

Anuraidh ba í foireann Ollscoil Montana as Cathair Missoula, na Montana Grizzlies, a thóg leo Corn Chumann Lúthchleas Gael na gColáistí Náisiúnta (NCGAA) agus gan fiú bliain imithe ó cuireadh ar bun iad.

Anois is iad na Grizzlies féin a bheas ag óstáil an tSraithchomórtais ar a gcampas i Missoula an deireadh seachtaine 23-24 Bealtaine agus dóchas mór acu go mbeidh siad in ann greim a choinneáil ar an duais mhór.

Bunaíodh an fhoireann i bhfómhar 2013 nuair a thug Naoise Waldron ó Chill Chainnigh aghaidh ar stát Montana le Gaeilge a theagasc mar mhúinteoir cúnta i dteangacha iasachta tríd an scéim rathúil Fulbright.

Bhuaigh na Grizzlies seacht gcluiche as a chéile sa Sraithchomórtas anuraidh agus tá breis is 30 imreoir acu anois, idir fhir agus mhná, arb as Éirinn agus na Stáit araon iad.

iomaint-montana-2

“Bíonn foirne iomána áirithe i Meiriceá Thuaidh ag brath nach mór go hiomlán ar na himreoirí malairte as Éirinn,” a deir Naoise.

“Ach tá an-chumas go deo ag roinnt de na Meiriceánaigh a imríonn leis na Grizzlies, imreoirí a bheadh lán chomh maith leis na hiománaithe sa bhaile in Éirinn.”

Tá cúpla corn cheana féin i seilbh mhuintir Montana i mbliana agus sa Sraithchomórtas ag deireadh na míosa tabharfaidh siad aghaidh ar fhoirne as gach cearn de na Stáit Aontaithe: Club Iomána Berkeley ó Ollscoil California, Ollscoil Stanford, Ollscoil Indiana, Ollscoil Purdue agus foireann iomána Husky ó Ollscoil Connecticut san áireamh.

Tá oidhreacht shaibhir Ghael-Mheiriceánach i Montana agus dar le Naoise go bhfuil deis ann an iomáint a leathnú agus a neartú sa stát iarthuaiscirt.

“Is cinnte go bhfuil an-tábhacht ag baint leis an gcispheil agus leis an bpeil Mheiriceánach sna Stáit Aontaithe, ach is léir ó fhoireann iomána na Montana Grizzlies go bhfuil suim ollmhór sa spórt seo in Missoula,” arsa fear Chill Chainnigh.

“D’fhéadfadh cuid de na himreoirí as Meiriceá atá againn dul in iomaíocht leis na hiománaithe is fearr in Éirinn go héasca – sin an caighdeán atá bainte amach againn le dhá bhliain anuas, agus is iontach an t-éacht é sin.”

Beidh Naoise agus a chairde ag súil go mbeidh siad in ann an cumas sin a léiriú ar an bpáirc imeartha gan mhoill agus corn NCGAA a choinneáil i stát na sléibhte.


Má tá aon Nósadóir sna Stáit agus fonn orthu freastal ar an Sraithchomórtas Iomána, níl ach $20 in aghaidh an lae ar theaghlaigh le páistí faoi aois 18 i dteannta a dtuismitheoirí. Gearrfar $10 an duine ar dhaoine aonair chun suas le seacht gcluiche a fheiceáil sa Stad Washington-Grizzly, Missoula.

Tosóidh chéad bhabhta na gcluichí ar 11.00rn Dé Sathairn 23 Bealtaine agus rachaidh an spraoi ar aghaidh go dtí tráthnóna Dé Domhnaigh.

Tuilleadh eolais faoin sraithchomórtas, faoi fhoireann na Grizzlies agus faoi conas is féidir cabhrú leo ar leathanach Facebook na foirne.

SCÉALTA EILE