Is deas an rud é an moladh ach is fearr arís an maoiniú

Bíonn a fhios againn i gcónaí nuair a dhéanann spórt éacht de chineál éigin, mar tosnaíonn na polaiteoirí á mholadh. Má tá an tAire Spóirt Shane Ross nó an Taoiseach ag déanamh mórtais asat, tá a fhios agat go bhfuil lorg de chineál éigin fágtha agat ar an spórt idirnáisiúnta, fiú más i ngan fhios dóibh a cháiligh an fhoireann ar an gcéad dul síos. 

Tá dul chun cinn iontach déanta ag foireann haca ban na hÉireann i gCorn an Domhain, agus mar sin, táimid ag feiceáil go leor díobh in sna meáin, rud atá ceart. Is deas an rud é an moladh, ach is fearr arís dóthain airgid chun ionadaíocht a dhéanamh ar ár dtír thar lear sa ngeansaí glas. 

Tá go leor nach bhfuil a fhios acu go bhfuil na mná seo, atá ar fhoireann idirnáisiúnta na hÉireann, ag seasamh leath an chostais, ar a laghad, chun go mbeadh sé de ‘onóir’ acu an geansaí glas sin a chur ar a ndroim. Ní féidir a dhéanamh amach go cruinn cé mhéid airgid a fhaigheann eagraíochtaí cosúil le lucht haca na hÉireann, mar tagann sé ó fhoinsí éagsúla. Ach chuala muid ar fad an fógra mór a rinne an rialtas an tseachtain seo caite ag gealladh €220m as seo go ceann deich mbliana do pholasaí náisiúnta spóirt. 

Dúradh go sonrach go raibh an rialtas ag díriú ar bhoinn Oilimpeacha agus Pharalimpeacha agus cuireadh €2m i dtaisce le haghaidh spóirt na mban. Chomh luath agus a bhuaileann imreoir haca idirnáisiúnta 16 bliana d’aois sa tír seo, bíonn orthu a sciar féin a íoc den chostas a théann leis an imirt idirnáisiúnta. Ní hamháin sin, ach bíonn orthu iarrachtaí a dhéanamh chun tuilleadh airgid a chruinniú ar bhealaí éagsúla. Agus os a chionn sin, tá siad ansin ag dul san iomaíocht le tíortha agus foirne eile atá á maoiniú gan stró. Agus tá an rialtas ag súil le tuilleadh bonn. 

Tá sé de bhuntáiste ag go leor de na mná seo go bhfuil cúlra meán-aicmeach acu, agus go bhfuil siad ag saothrú pá maith, nó tá a gcuid tuismitheoirí. Ní hin le rá go bhfuil sé ceart. 

Tarlaíonn an rud céanna sa gcispheil, cluiche a chloíonn go mór le spriocanna an rialtais atá ag iarraidh go mbeadh muid ar fad, mar phobal, níos aclaí. Is féidir cispheil a imirt i ngach halla pobail sa tír agus is eagraíocht é Basketball Ireland a thugann na deiseanna céanna d’fhir agus do mhná. Go deimhin, tacaíonn siad freisin le daoine óga atá ina gcónaí in ionaid soláthair dhírigh, rud nach bhfuil á dhéanamh ag mórán spórt eile. 

Tá sé saor go maith cispheil a imirt. Níl uait ach bróga agus liathróid. Sin go dtí go dtosnaíonn ag éirí go maith le duine agus go mbíonn orthu costais a sheasamh, agus feiceann tú cén fáth go mbíonn ar roinnt í a chaitheamh in aer.

Tá éirithe an-mhaith ag na mná sa haca dul chomh fada agus atá déanta acu. Faraor, ní le tacaíocht rialtais a rinne siad é. A fhad agus a bheidh imreoirí haca ag íoc airgid chun imirt ní bheidh siad in ann coinneáil leis an imirt ag an leibhéal seo, rud a chuireann na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo i bhfad uainn. Cá bhfuil plean an rialtais anois? 

SCÉALTA EILE