Beidh an Corn Domhanda ag tosú i gceann cúpla seachtain agus tá beagnach gach duine ag súil go mór leis. Ócáid speisialta atá ann d’imreoirí an spóirt, agus ní fhaigheann go leor, leor imreoirí an deis. Ach, mar gheall ar na cluichí ullmhúcháin, ní bhfaighidh roinnt imreoirí eile an deis sin.
Gortaíodh Gareth Anscombe ag an deireadh seachtaine agus é ag imirt in aghaidh Shasana. Stróic sé a bhallnasc croiseach tosaigh agus chuir sé sin críoch lena chomórtas sular thosaigh sé. Cúpla seachtain roimhe sin, dúradh linn go mbeadh Taulupe Faletau in easnamh freisin mar gheall gur ghortaigh sé a ghualainn.
Beirt imreoirí tábhachtacha don Bhreatain Bheag curtha as an áireamh cheana féin, gan nóiméad caite sa chomórtas.
Gortaíodh Joey Carbery in aghaidh na hIodáile freisin, nuair a chas sé a rúitín. Bhí deora i súile an leathchúlaí amuigh agus é ag fágáil na páirce, ach tá Schmidt dóchasach go mbeidh an fear óg ceart go leor agus réidh don chomórtas.
Gortaíodh Brodie Retallick in aghaidh na hAfraice Theas trí seachtaine ó shin nuair a tháinig RG Snyman isteach i ruc go mídhleathach. Gortú eile, an uair seo ceann a tharla d’imreoir tábhachtach de chuid na Nua-Shéalainne.
Tá na gortuithe seo coitianta roimh an gCorn Domhanda. Cuir ceist ar Geordan Murphy nó David Wallace.
Gortaítear imreoirí go minic i rugbaí, ach tá na gortuithe seo cruálach mar cailleann imreoirí amach ar an gcomórtas rugbaí is tábhachtaí ar domhan. Ach tá na cluichí seo tábhachtach freisin mar ní féidir an comórtas a thosú gan cluiche nó dhó a imirt roimh ré.
Tá go leor daoine ag gearán faoi na cluichí seo agus tá pointe maith acu. Ach ní féidir na cluichí seo a sheachaint. Teastaíonn am imeartha uathu. B’fhéidir go bhfuil leathchúlaithe nua ag imirt le chéile. B’fhéidir go bhfuil beirt san iomaíocht d’áit amháin. B’fhéidir nach bhfuil an cóitseálaí cinnte faoi imreoir nó beirt.
Ní féidir leis an gcóitseálaí dul isteach sa chomórtas gan na freagraí seo. Caithfidh sé nó sí a bheith ar an eolas faoi gach uile imreoir. B’fhéidir go ngortófar duine nó beirt, cinnte tá an baol sin ann, ach caithfear dul san amhantar leis.
Andrew Porter
Ba mhaith liom cúpla focal a scríobh faoi chruthú agus imirt Andrew Porter ag an deireadh seachtaine. Thosaigh Porter an cluiche mar fhrapa ceann teannta agus d’athraigh sé go frapa ceann scaoilte ag leath-am.
Is dóigh anois go mbeidh Porter ag taisteal go dtí an tSeapáin, go háirithe mar gheall go bhfuil sé in ann imirt ar an dhá thaobh den chlibirt, bua leithleach ag an leibhéal idirnáisiúnta.
Ní bheidh Jack McGrath ná Dave Kilcoyne sásta leis an ngluaiseacht, mar is dóigh go gciallaíonn an t-athrú sin nach mbeidh ach ceann den bheirt sin ag taisteal chuig an tSeapáin freisin, le beirt fhrapaí ceann teannta eile (Tadhg Furlong, cinnte, agus John Ryan in éineacht leis, is dóigh).