Is í an tsíceolaíocht a dhéanfaidh an difríocht

Tharla sé gur éirigh liom dul ag Dancing with the Stars Dé Domhnaigh seo caite. Fear na gcos cam, Marty Morrissey bocht, nach bhfuil fiú sa gcomórtas níos mó, a d’aimsigh an ticéad dom. Ó thosaigh mé ag plé leis an tsíceolaíocht spóirt is breá liom féachaint ar lúthchleasaithe agus ar a gcuid síceolaíochta.

Samhlaigh dá dtosnódh tú féin ag foghlaim cén chaoi damhsa bálseomra a dhéanamh, agus ansin go raibh ort é a dhéanamh os comhair slua daoine i stiúideo agus ceamaraí. De réir fhigiúirí RTÉ, breathnaíonn os cionn leathmhilliún duine, ar a laghad, ar an gclár gach Domhnach. Sin go leor daoine ag déanamh breithiúnais ar do chuid ciceanna agus geáitsíochta. Anuas air sin, tá gach damhsóir ag brath ar vótaí ón bpobal le fanacht sa chomórtas.

Sa bhaile, ní fheiceann muid ach soilse, gealra agus gáire. Tá sé an-difriúil sa stiúideo. Seasann na damhsóirí ar ardán beag, ar leataobh, ar feadh cúpla nóiméad ag fanacht go dtiocfaidh an ceamara chomh fada leo. Níl aon mheangadh gáire orthu, d’aithneofaí go raibh cuid acu beagnach bacaithe. Thug mé suntas do na ‘fíor-lúthchleasaithe’ sa chomórtas, Rob Heffernan, Anna Geary, agus Erin McGregor. Seans maith go bhfuair Erin cúpla leid óna deartháir.

Agus iad ag fáil faoi réir, bhíodar dírithe, a gcuid anála faoi smacht. Ní raibh tada le cur isteach orthu agus iad ag seasamh ar ardán beag. Má bhíodar neirbhíseach, ní raibh sé le feiceáil orthu. Las an solas os a gcionn agus las siadsan suas freisin. Meangadh mór gáire, agus shiúil siad go muiníneach síos ar an urlár, agus rinne siad a gcuid. Ansin, tháinig na vótaí, agus bhí ar bheirt damhsóirí dul i gcomórtas lena chéile, agus bhí duine acu le cur abhaile.

Sa bhaile, faigheann muid amach cé a bheidh ag damhsa arís, agus bíonn briseadh fógraíochta ann. Sa stiúideo, múchtar na soilse agus lastar an teannas. Erin McGregor agus Alannah Beirne a bhí fágtha in áit na leathphingine. Rith Alannah bhocht ag duine sa slua agus chaith sí a dá lámh thart timpeall uirthi. Sa deireadh, cuireadh ar a suaimhneas í, agus chuaigh sí ar ais ag an urlár lena damhsa deireanach a chur di.

A fhad is a bhí seo ag tarlú, bhí Erin ag ullmhú. Amuigh i lár an urláir a bhí sí, ag cleachtadh a cuid steipeanna go ciúin. Bhí sí iomlán dírithe. Níor bhreathnaigh sí agus níor labhair sí le haon duine seachas an fear a bhí ina cuideachta ar an urlár. Rinne siad cúpla síneadh le chéile agus d’aithneofá nach raibh tada le seasamh idir í agus a válsa. Díreach mar a bheadh reathaí nó snámhaí sula rachadh siad i mbun aicsin.

Molann síceolaithe do dhamhsóirí breathnú ar chaon damhsa mar dheis a gcuid scileanna a thaispeáint do mholtóirí, le cur ina luí orthu go raibh tuilleadh sa tanc acu. Bhí a cuid damhsa agus, níos tábhachtaí, a meon níos snasta ná a céilí comhraic. Éifeacht uirthi, ghnóthaigh Erin an cath. Ag an tráth seo den chomórtas agus gach duine chomh maith lena chéile, an tsíceolaíocht a dhéanfaidh an difríocht.

SCÉALTA EILE