Cé gur bhuaigh Éire in aghaidh na Nua-Shéalainne faoi dhó laistigh d’ocht lá, níl deis ag Andy Farrell suí siar agus machnamh a dhéanamh ar an mbua mar caithfidh sé machnamh a dhéanamh ar stíl imeartha na hÉireann, ar na rudaí a d’oibrigh dóibh, agus ar na himreoirí a d’imir go maith dó. Caithfidh sé smaoineamh faoi na himreoirí a d’fhan sa bhaile agus conas a luíonn siad leis na pleananna atá aige, nó fiú an luíonn na himreoirí a thaistil.
Beidh trí chluiche ag Éirinn go luath, an chéad cheann acu sin i gceann trí mhí go leith. Beidh trí fhoireann náisiúnta ag teacht go Baile Átha Cliath ag iarradh an lámh in uachtar a fháil in aghaidh an fhoireann is fearr ar domhan: an Afraic Theas, Fidsí, agus an Astráil.
An chéad rud a theastaíonn uaidh Farrell ná an bua a fháil sna trí chluiche sin. Sin tús agus deireadh leis chun an fhírinne a rá. Ní bhuann tú sraith thíos sa Nua-Shéalainn chun do chluichí baile a chailliúnt. Teastaíonn an bua uathu i ngach aon chluiche. I ndomhan guagach an spóirt ghairmiúil, is cuma le cách faoi na gaiscí a bhain tú amach cúpla mí ó shin. Má chailleann Éire in aghaidh aon cheann de na tíortha sin, beidh na meáin ann ag cáineadh fhoireann bainistíochta agus imreoirí na hÉireann. Tá Éire agus an Afraic Theas sa ghrúpa céanna sa chéad Chorn Domhanda Rugbaí eile fosta; plota eile a bhaineann leis an gcluiche sin.
Is dóigh go dtosóidh formhór na n-imreoirí a thosaigh an cluiche deireanach. B’fhéidir go dtiocfaidh Kelleher nó Henderson isteach san fhoireann, ach mura thagann, ní bheidh gearán ann. Ach seachas an bheirt sin, ní bheidh mórán athraithe eile. B’fhéidir go gcaillfidh O’Mahony a áit ag uimhir a sé do dhuine níos mó ar nós Coombes nó Doris (agus Conan ar ais go uimhir a hocht) ach ní bheadh ionadh orm.
Is sna dhá chluiche eile a bheidh formhór na hoibre le déanamh ag Farrell. Tosóidh an fhoireann is láidre in aghaidh na hAfraice Theas; níl argóint ar bith faoi sin. Ach táthar ag súil go mbuafaidh Éire in aghaidh an dhá fhoireann eile. Sna sé chluiche a d’imir Fidsí in aghaidh na hÉireann, chaill siad gach aon cheann acu. Cinnte, cluiche i bhfad níos cóngaraí a bheas ann in aghaidh na hAstráile, ach táthar ag súil go mbuafaidh Éire. Mar a luaigh mé cheana féin, is í Éire an fhoireann is fearr ar domhan. Chaill an Astráil an tsraith in aghaidh Shasana seachtain ó shin freisin.
Tagann brú leis an dóchas sin ach mar sin féin, caithfidh Farrell deiseanna a thabhairt d’imreoirí sna cluichí seo; ní fhéadfadh sé na himreoirí céanna a imirt arís agus arís eile. Bheinn ag iarradh imreoirí ar nós Josh Wycherly a fheiceáil in aghaidh na Fidsí (fiú ón mbinse) agus leithéidí Coombes, Timoney, Treadwell, agus Casey.
Tá roinnt imreoirí eile a d’fhéadfainn lua. Ach bheadh sé iontach iad a fheiceáil ag imirt in aghaidh na hAstráile freisin agus ní féidir rá nach bhfuil sé tuillte acu. Tá Timoney tar éis séasúr dochreidte a imirt agus bhí sé iontach in aghaidh na Maorach freisin. Casey, Prendergast, Frawley, agus Coombes ina mheasc.
Idir na cluichí seo atá ag teacht go luath agus Craobh na Sé Náisiún, tá dualgas ag Farrell anois doimhneacht a chruthú san fhoireann. Teastaíonn doimhneacht chun Corn Domhanda a bhuachan agus tá easpa doimhneachta i roinnt áiteanna san fhoireann: ag frapa cinn scaoilte, ag leathchúlaí clibirte amuigh, agus ag lánchúlaí. Tá go leor tar éis a bheith scríofa faoi Sexton agus an easpa doimhneachta taobh thiar dó, ach tá an fhadhb sin ann in áiteanna tábhachta eile freisin fós. Tá deis ag Farrell anois na fadhbanna sin a réiteach.