Is iomaí duine agus croí a chneasaigh ceol Uí Shúilleabháin

Fiú dá mbeadh dóthain gaoth i do chuid scamhóg le comhrá a bheith agat sa ghiomnáisiam, ní bheadh mórán ann a labhródh leat de bharr cluasáin a bheith orthu. Tá an rud céanna amhlaidh ar an mbus, ar an traein, ar an Luas, nó i gcás daoine amuigh ag siúl nó ag rith. 

Tá áit faoi leith ag an gceol sa sochaí, agus le cúpla bliain tá áit nua aige agus lúthchleasaithe gairmiúla ag ullmhú do chomórtais. Ní gá ach breathnú ar aon fhoireann agus iad ag tuirlingt den bhus cúpla uair a chloig sula gcaitear an liathróid isteach. Ní mórán nach mbíonn cluasáin chomh mór le ceann d’Oileáin Árann ar chaon taobh dá gcloigeann acu. 

Creid é nó ná creid é, ach tá go leor taighde déanta ag síceolaithe spóirt faoin gcineál ceoil ab fhearr a d’fheilfeadh do lúthchleasaithe éagsúla, agus cén t-am ab fhearr éisteacht leis an gceol seo. Nuair a bhíonn mise ag obair le lúthchleasaí, caitheann muid go leor ama ag plé an cheoil a mbíonn siad ag éisteacht leis, na húdair a bhí acu an ceol sin a roghnú agus corruair, athraíonn muid é. 

Mar shampla, bhí duine amháin a bhí ag éisteacht le ‘Maniac 2000’ agus é ag iarraidh a chroí a mhoilliú. Ní mórán scil eolaíochta ná síceolaíochta a theastódh uait le déanamh amach nach raibh an tiúin sin ar an ceann ab fheiliúnaí don jab áirithe sin!

Nuair a tháinig an scéala go raibh an ceoltóir aitheanta Mícheál Ó Súilleabháin básaithe, cosúil le go leor, d’éist mé le cuid den cheol álainn, snasta a chruthaigh sé. 

Nuair a chruthaíonn duine ceol, agus nuair a roinneann siad ar an bpobal é, níl a fhios acu riamh cé atá ag éisteacht leis nó céard atá ar bun acu. Níl a fhios agam ar shamhlaigh an Súilleabhánach riamh go mbeadh ar a laghad beirt lúthchleasaí aitheanta ag éisteacht le Woodbrook le linn a gcuid traenála, ach sin mar atá. 

Moltar do lúthchleasaithe agus iad ag roghnú ceoil go mbeadh píosaí éagsúla á sheinnt acu ag tréimhsí éagsúla, nó ag braith ar an gcineál spóirt atá ar bun acu. Mar shampla, más iomróir atá i gceist, moltar nach mbeadh aon athrú mór i rithim an cheoil agus go mbeadh an buille ag an luas céanna leis na maidí rámha. 

Níl mórán taighde déanta fós faoin gceol gur cheart go mbeadh ag lúthchleasaithe tar éis comórtais, nó tar éis a gcuid traenála, ach measann daoine a bhfuil i bhfad níos mó scil acu san ábhar ná mise, go gcuidíonn ceol suaimhneach mín saibhir le teacht aniar an lúthchleasaí, sna matáin agus san inchinn. 

As a stuaim féin, roghnaigh an bheirt seo ar oibrigh mé leo (imríonn duine acu rugbaí, tá an duine eile go maith ag rith) Woodbrook chun cuidiú leis an bpróiseas seo. Tuigeann muid go bhfuil ceol go maith don anam. Is iomaí duine agus croí a chneasaigh ceol Uí Shúilleabháin. B’fhéidir nach raibh a fhios aige go raibh sé ag cuidiú le matáin lúthchleasaithe na hÉireann freisin agus go bhfuil ról aige in éachtaí spóirt na tíre chomh maith. Is iontach agus is leathan an oidhreacht atá fágtha aige.

SCÉALTA EILE