‘Is léir go bhfuil a ndóthain faighte ag mná Chonnacht’

Mura raibh tú faoi chloch nó b’fhéidir ar oilithreacht agus do fón fágtha sa mbaile agat, chuala tú an drochscéal ba dheireanaí faoi mhná agus spórt. An tseachtain seo, ba iad an dream rugbaí a lig síos mná. 

Ar fhaitíos nár chuala tú faoi, bhí mná fhoireann Chonnacht ag imirt i nDomhnach Broc in aghaidh na nUltach. Nuair a shroich siad an pháirc imeartha taispeánadh dóibh cá mbeadh siad ag athrú a gcuid éadaí. Taobh thiar do na boscaí móra bruscair amuigh faoin aer agus francaigh ag ritheacht thar timpeall orthu. An t-aon údar go bhfuil a fhios againn gur tharla sé seo ná gur cuireadh físeán den áit ar na meáin shóisialta. Ar fhaitíos nach raibh rudaí sách dona, tuigtear gur dúradh leis na himreoirí gan tada a rá go poiblí faoin eachtra. Ghabh na Laighnigh agus Cumann Rugbaí na hÉireann a leithscéal, fair play dóibh. 

Seo a tharlaíonn do mhná. Fágtar in áit na leathphingine iad go dtí go n-éiríonn rudaí chomh dona sin nach bhfuil áit ar an leathphingin féin acu agus ní bhíonn aon rogha acu ach aird a tharraingt ar an scéal. Arís eile, is ag caint ar cheisteanna taobh amuigh den imirt atá muid, agus ní ar an rugbaí. Is iomaí uair a mhothaíonn mná nach féidir leo labhairt amach agus tuigim dóibh. Labhair, agus caill do gheansaí. Sin a tharlaíonn. 

An geábh seo, is léir go bhfuil a ndóthain faighte ag mná Chonnacht. Tá ráiteas eisithe acu ag iarraidh fiosrúcháin faoin eachtra, féachaint a deir siad, nach dtarlóidh sé d’aon fhoireann eile. Is cosúil go bhfuil an t-athbhreithniú seo le déanamh agus is maith ann é, ach don chuid againn a bhfuil taithí againn ar na scéalta seo, ní bheidh muid ag súil le aon mhíorúilt.

Níl tada chun athrú go dtí go dtosnaíonn na fir a bhíonn ag imirt, agus lucht urraithe ag déanamh torainn. Is léir go raibh Cumann Rugbaí na hÉireann ag iarraidh deireadh a chuir le rudaí nuair a dúradh leis na himreoirí a gclab a choinneáil dúnta. Ní féidir éalú, áfach, ó chumhacht a gcuid urraitheoirí. Na brandaí a thugann na mílte agus na milliúin dóibh lena gcuid ainmneacha a bheith ar a na geansaithe, bristí, seastáin agus ar fud na bpáirceanna imeartha. Tá siad, agus na himreoirí mór le rá i measc na bhfear, ina dtost. Go poiblí ar aon chuma. 

Breathnaigh ar an dul chun cinn atá déanta ag peil na mban ón uair a náirigh siad Cumann Peile na hÉireann nuair a cuireadh iallach orthu a gcuid culaith spóirt a athrú agus a thabhairt ar ais do na fir nuair a shroich siad Aerfort Bhaile Átha Cliath. Tháinig go leor eile chun solais nuair a labhair na mná leis na meáin. Feiceann muid go bhfuil na fir fós ag tacú leo, leis an bhfógra is deireanaí go mbeadh na fir agus na mná ag fáil an íocaíocht chéanna agus iad ag imirt ar an bhfoireann náisiúnta. D’ísligh na fir a ráta pá, sa gcaoi agus go bhféadfadh na mná cúpla céim a dhreapadh agus a bheith ar comhchéim leo. Níl sé seo le feiceáil sa rugbaí fós. Tá caighdeán imeartha na foirne náisiúnta tite go tubaisteach, iad buailte ag an Spáinn le deireanaí agus iad ag iarraidh coimhlint a choinneáil le mná Shasana atá ag fáil tuarastail.

Níl mórán againn a ghlacfadh leis go mbeadh muid i measc francach am ar bith. Mura seasann na fir agus urraitheoirí suas, is léir go gcreideann siad gurbh é sin áit na mban.

SCÉALTA EILE