Is matán a chaitear a aclú an intinn chomh maith

Má tá aon scil agat i gcúrsaí spóirt tá cloiste agat faoin ‘Hail Mary Pass.’ Is é sin, nuair a dhéanann imreoir iarracht amháin eile, agus iad taobh thiar, a fhoireann a tharraingt ón mbearna bhaoil agus é ag guí go rachaidh an liathróid in áit eicínt go dtarlóidh míorúilt. Más ag plé le síceolaíocht spóirt atá duine, ní fhaigheann muid pasanna ó dhaoine atá ag urnaí, ach glaonna gutháin. 

Go hiondúil, tagann an t-imreoir agus bainisteoir ag rá an deichniúr deireanach den phaidrín agus a fhoireann beagnach caite amach as comórtas. Nó ag iarraidh go gcuirfidh mé caoi ar imreoir eicínt in am don chluiche mór. Bíonn orm cur ina luí orthu nach Dia beag mé. Nach bhfuil an cloigeann chomh simplí sin. Cosúil leis na matáin a bhíonn ag ciceáil na liathróidí, is matán atá san intinn chomh maith. De réir a chéile tá daoine á thuiscint seo. 

Tá sé soiléir sa gcaint ar fad atá déanta againn agus muid ag breathnú ar na Craobhchomórtas Sacair na hEorpa. Glactar leis go bhfuil na foirne ar fad chomh haclaí lena chéile agus gurbh í an príomhdhifríocht ná an matán atá sa gceann acu siúd ar an bpáirc agus ag a bhfoireann chúltaca ar an taobhlíne. Go háirithe agus an oiread sin ciceanna pionóis ag cinniúint cé a bheidh buacach.

Samhlaigh an brú. Ansin, aistrigh an brú sin go dtí aon spórt eile. Na Cluichí Oilimpeacha. Rugbaí. Cluichí Gaelacha. Tá níos mó brú ar imreoirí peile Gaelaí i mbliana ná aon bhliain eile mar gheall ar shrianta Covid-19. Ní an dara deis acu. Tá na cluichí ag dul go dtí am breise, agus má bhíonn rudaí ina steig-meig, ciceanna pionóis a réitíonn an scéal. Brú aisteach, nach bhfuil cleachta acu.

Tá mé maraithe le hiontas mar sin go bhfuil an síceolaí spóirt fós dícháilithe ag an oiread sin bainisteoirí. Ní fhostaíonn siad muid, nó glaoitear orainn ag an nóiméad deireanach. Ceaptar fós go ndéanfaidh óráid an jab, go rachaidh an fhoireann amach chun catha agus nach mbuailfidh tada iad. Bítear ag súil go mbeidh an síceolaí spóirt in ann an méid céanna a bhaint amach i seisiún amháin agus a bheadh cóitseálaí le linn séasúr iomlán imeartha.

Ansin, nuair a chailltear cluiche nó comórtas, aontaíonn gach duine gurbh é an cloigeann a bhí in easnamh agus cuirtear an milleán ar an síceolaí spóirt bocht.

Chonaic mé daoine ag déanamh iontais ar Twitter le seachtain go raibh síceolaí spóirt ag obair le foireann Shasana agus go raibh sé sa gcampa leo lá i ndiaidh lae. Agus nach raibh sé ag déanamh ‘mórán’ ach ag caint leo. Céard a cheapann daoine a bhíonn ar bun? Cantaireacht? Shíl mé féin go gcuirfeadh na hEuros cúpla Euro breise isteach i mo phóca agus tuiscint daoine faoi mheoin an spóirt ag dul i méid, ach tá mo fón ciúin fós. Is dóigh go mbeidh fanacht orm go dtí go mbeidh an paidrín cuimilte go maith acu.