Is féidir leis an nuacht drochthionchar a imirt ar do mheabhairshláinte. Mar iriseoir, tá fios an drochthionchair seo agam go maith. Déanaim iarracht anois nuair a mhúsclaím ar maidin ceol a chur ar siúl agus gan a bheith ag gruaimscrolláil ar X agus ar na haipeanna nuachta.
Mar sin de, i ndiaidh thoghchán SAM agus roimh an Olltoghchán ó dheas, bhí mé ag dúil le sos a fháil ón timthriall nuachta 24 uair an chloig. D’imigh mé go Baile Átha Cliath Dé Sathairn lán fuinnimh, dóchais agus díocais. Níor mhair sin. Ar m’amharc siar agus cúrsaí socraithe ar deireadh thiar, bhí craic againn ag an deireadh seachtaine… in ainneoin an chluiche.
Agus mé i mo chónaí i mBéal Feirste anois, ní minic a fhaighim an deis dul ar chluiche Chathair Dhoire i bhfírinne. Bhí ticéad séasúir agam agus mé ag fás aníos. Théadh muid chuig an Brandywell ar an Aoine, d’fhaighinn sceallóga báite i gcuraí agus shuínn ar feadh dhá uair nó mar sin ag féachaint ar sacar. Is cuimhin liom go maith na fuaimeanna agus an boladh toitíní a bhí i gcónaí thart. Is fada uaim na scéallóga le curaí anois agus bhí mé ag dúil leis na Candystripes a fheiceáil beo arís, i ndiaidh séasúr a chaitheamh ar an tolg ag amharc ar LOITV.
Ní cuimhin liom an uair dheireanach a bhí mé ar chluiche ach ní dhéanfaidh mé dearmad ar 2022. An chéad uair le hocht mbliana a bhí Doire sa chluiche ceannais. Bhí an ticéad faighte, an t-óstán curtha in áirithe, agus an scairf ceannaithe. An tseachtain roimhe, bhí mé ag an Oireachtas, chomh sásta le píobaire, ach mar is eol dúinn go léir, imríonn an tOireachtas drochthionchar de chineál eile orainn an tseachtain dár gcionn, agus bhí mí-ádh damanta orm i ndiaidh an Oireachtais áirithe seo. Rinne mé an tástáil agus chonaic mé an dara líne.
B’in na pleananna ar ceal an bhliain sin ar aon nós. Shuigh mé i mo leaba an bhliain sin, ag amharc ar fhoireann láidir chróga i gceannas ar an chluiche. 4-0 a chríochnaigh sé in éadan Shelbourne a bhain an tsraith i mbliana. Shuigh an t-amhrán a seinneadh ag cluichí Dhoire go bródúil ar bharr an Spotify Wrapped s’agam faoi dheireadh na bliana.
Anois… fan liom. Tá mé ag labhairt faoi mo chuimhní cinn ar fad mar níl a fhios agam cén dóigh chun tús a chur le cur síos a dhéanamh ar an deireadh seachtaine. Bhí craic againn oíche Shathairn ar a laghad, agus níor mhill toradh an chluiche sin fiú. Mhúscail mé Dé Domhnaigh, loinnir i mo shúile agus réidh don chluiche. Bricfeasta mór san óstán agus amach linn. Bhí dearg agus bán le feiceáil ar shráideanna na hArdchathrach agus muid ar ár dturas.
Ag déanamh neamhaird ar na póstaeir toghcháin a bhí timpeall, mar bhí rudaí níos tábhachtaí ann an lá áirithe seo, chuaigh muid chun staide ag 13:30. Ar an tsiúlóid isteach, bhí gach aon duine ar bís. Roisc de ‘Red and White Army’, lasracha ar lasadh, gach duine ar aon intinn. Seo ár lá.
Nuair a thosaigh ‘Teenage Kicks’ ag réabhadh ó na callairí roimh an chluiche, níor shíl mé go mbeinn i mo shuí go fóill 90 bomaite ina dhiaidh sin, díomá orm agus Doire 2-0 síos. Níl mórán is féidir a rá faoi thaispeántas Dhoire. Gan chroí, gan mhisneach, agus gan phlean. Bhí Droichead Átha i bhfad Éireann ní b’fhearr. Bhí cuma thuirseach ar imreoirí Dhoire, agus bhí an chuma orthu gurbh é seo an chéad uair a d’imir siad le chéile.
Shíl mé go dtiocfadh athrú ar rudaí i ndiaidh leath ama, ach níor tháinig. Bhí muid ag dul don dúbailt cúpla mí ó shin. Anois, chríochnaigh muid sa cheathrú háit sa tsraith agus chaill muid sa chluiche ceannais don Chorn FAI. Ciallaíonn sé sin nach mbeidh deis againn imirt sna comórtais Eorpacha ar an bhliain seo chugainn. Buille trom buailte ar an fhoireann agus ar an chlub.
Bhí rud amháin dearfach faoin lá. Is é sin lucht tacaíochta Dhoire. (Dála an scéil, níl aon fhadhb agam le lasracha ag cluichí sacair ach le do thoil ná caith ar an pháirc iad). Bhí beagnach ceathrú cuid den chathair thíos i mBaile Átha Cliath don lá ag ceol le haon ghuth amháin.
Rud a chuir gliondar ar mo chroí ná an tacaíocht léiríodh do mhuintir na Palaistíne. Bhí bratacha in áiteacha ar fud na staide. Nochtaigh lucht tacaíochta Dhoire bratach ar a raibh scríofa, ‘Saoirse don Phalaistín’. Chuala mé go ndearnadh iarracht é a bhaint ach sheas siad go láidir le chéile chun é a choinneáil crochta ansin. Ar a bharr sin, fiú agus muid ag cailleadh an chluiche, rinne muid iarracht an fhoireann a spreagadh ach ba bheag an maitheas a rinne sin.
Caithfidh mé an t-aitheantas cuí a thabhairt do Dhroichead Átha. Bhí siad iontach ar an lá. Bhí plean acu agus cuireadh an plean sin i bhfeidhm go paiseanta. Ní seo ach an dara huair dóibh an Corn a bhaint; an uair dheireanach thiar in 2005. Rud a dhéanann an bua seo níos speisialta dóibh ná go mbeidh siad ar ais i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo chun tabhairt faoi fhoireann Bhré i gcluiche dícháilithe. Má bhaineann siad sin, bliain thar a bheith sásta a bheidh ann dóibh.
Os a choinne sin, beidh díomá an domhain ar Dhoire. Tá díomá an domhain orm. Is í an fhoireann croí na cathrach agus is doiligh an fhoireann féin agus muintir an bhaile a fheiceáil in ísle brí. Imeoidh go leor imreoirí faoi thús an tséasúir seo chugainn ach is deis atógála sin. An cheist mhór atá ann anois: an é Ruaidhrí Higgins an bainisteoir ceart faoi choinne na hatógála sin?