Tá fógartha ag TG4 go méadófar líon na gcluichí peile a chraolfar ar an stáisiún i mbliana faoi 150%. Deich gcluiche, seachas ceithre chluiche mar a chraoltaí cheana, i Sraitheanna Náisiúnta Pheil na mBan 2021 a chraolfar ar TG4.
Craolfar ceithre chluiche grúpa ó Roinn 1A agus Roinn 1B, chomh maith le cluichí leathcheannais Roinn 1. Is ar TG4 amháin a chraolfar na ceithre chluiche ceannais ar an 26-27 Meitheamh: cluiche ceannais Roinn 1 agus Roinn 2 ar an stáisiún teilifíse agus cluiche ceannais Roinn 3 agus Roinn4 ar Chainéal Spóirt YouTube TG4. Beifear in ann breathnú ar an gclúdach ar Aip Sheinnteoir TG4 freisin.
Seachtain ón Aoine, an 21 Bealtaine, a chuirfear tús leis an gclúdach ar Shraitheanna Peile na mBan nuair a thabharfaidh mná Chorcaí aghaidh ar na Tiobradaigh ag 19.30. An lá dar gcionn, Dé Sathairn an 22 Bealtaine, tabharfaidh mná na Gaillimhe agus mná Mhaigh Eo ar a chéile.
Is í an peileadóir Máire Ní Bhraonáin a chuirfidh an tsraith anailíse Peil na mBan Beo i láthair agus painéal saineolaithe in éineacht léi: Michelle Ryan as Port Láirge, Sorcha Furlong agus Sinéad Finnegan as Baile Átha Cliath, Rena Buckley agus Rhóna Ní Bhuachalla as Corcaigh, agus Vikki Wall as contae na Mí in measc.
“Tá TG4 i mbun clúdach beo agus eisiach ar Pheil na mBan le breis is fiche bliain anuas. Ón gclúdach breise a dhéanfar ar Shraitheanna Náisiúnta Lidl 2021 ar TG4, is ceannródaí fós an stáisiún maidir le spórt na mban a chraoladh in Éirinn agus a chinntiú go bhfuil spórt na mban a chur faoi bhráid lucht féachana teilifíse. Tá an-áthas ar TG4 tuilleadh cluichí a chur ar fáil don phobal saor go haer ar an teilifís,” a dúirt Ceannasaí Spóirt TG4 Rónán Ó Coistealbha.