Mí-ádh ar Stephaine
Gradam Puskas bronnta ar James Rodriguez

Ní raibh an t-ádh ar Stephanie Roche na hÉireann in Zurich anocht nuair a bronnadh gradam FIFA le haghaidh chúl na bliana ar an Cholómach James Rodriguez.

Scóráil Roche cúl den scoth ar son fhoireann sacair Átha Cliath, Peamount United, ag deireadh 2013 agus d’éirigh léi áit a bhaint amach ar ghearrliosta Ghradam Puskas na bliana seo.

Sa deireadh tháinig sí sa dara háit i ndiaidh vótáil phoiblí le 33% den vóta.

Ghnóthaigh Rodriguez 42% don chúl a d’aimsigh sé le linn Chorn an Domhain sa Bhrasaíl agus tháinig Robin van Persie na hÍsiltíre sa tríú háit le 11%.

Ba é Cristiano Ronaldo na Portaingéile a bhuaigh an Ballon d’Or don imreoir fireann sacair is fearr le 12 mí anuas agus thóg Nadine Kessler ón Ghearmáin gradam mór na mban léi.