Tá an tráchtaire iomráiteach ar na cluichí Gaelacha Mícheál Ó Muircheartaigh ar shlí na fírinne. Fuair Ó Muircheartaigh, a rugadh cúpla slat lasmuigh den Daingean i nDún Síon, Co Chiarraí in 1930, bás san otharlann agus é 93 bliain d’aois.
Faoi stiúir Choláiste Íosagáin i mBaile Bhúirne, thosaigh sé ag traenáil le bheith ina mhúinteoir in 1945 agus chríochnaigh sé a chuid traenála i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach in 1948. Is ar an choláiste seo a iarradh air agus ar mhic léinn eile tráchtaireacht thrialach a dhéanamh ar chluiche iománaíochta i bPáirc an Chrócaigh.
“Twas a new game to me,” a dúirt sé le Pat Kenny ar The Late Late Show in 2004 ach, d’ainneoin na heaspa taithí ar an chluiche, Ó Muircheartaigh a bhuaigh an triail.
Ceapadh mar chraoltóir lánaimseartha é le RTÉ sna 1980idí. Roimhe sin, rinne sé tráchtaireacht ar cluichí mionúr CLG as Gaeilge. Bhí sé ar an phríomhthráchtaire raidió ar RTÉ Raidió 1 nuair a d’éirigh Michael O’Hehir as in 1985.
Chuaigh Ó Muircheartaigh ar scor i mí Dheireadh Fómhair 2010. Rinne sé tráchtaireacht ar chluiche ceannais na hÉireann an bhliain chéanna nuair a bhuail Corcaigh foireann An Dúin i mí Mheán Fómhair. Bhí an cluiche sin ar an chluiche ceannais deiridh a ndearna sé tráchtaireacht air.
Scríobh sé colún spóirt seachtainiúil don nuachtán Gaeilge Foinse, a bhí saor in aisce leis an Irish Independent ar an Chéadaoin. Chuir sé an-suim sa tseoltóireacht agus dá thairbhe sin, rinne sé tráchtaireacht ar an Volvo Ocean Race 2011-12 nuair a chríochnaigh sé i nGaillimh.
Bhí Ó Muircheartaigh lán le mealltacht agus le spleodar. Mheall sé an lucht féachana agus an lucht éisteachta lena bhrí agus lena dhea-chaint, agus bhí bua ar leith aige an spórt a fhí as gach aon rud, fiú agus déanamh na gceapairí á mhúineadh aige.
Thug an Taoiseach Simon Harris “fear uasal go smior” air agus dúirt nach leor an focal “laoch” do Mhícheál Ó Muircheartaigh. Mhol an Tánaiste Micheál Martin an fear spóirt chomh maith, dúirt sé go raibh an tráchtaire in ann “na cluichí is leimhe a thabhairt chun beochta.”
Dúirt Declan McBennett, ceann na craoltóireachta spóirt le RTÉ go “mairfidh a chuid focal go deo.”