Mná na hÉireann ar an mbóthar chun na hAstráile

Tá Arlene Ní Chonbhuí san Astráil agus í ag leanúint fhoireann sacair na hÉireann ag Corn Domhanda Shacar na mBan an mhí seo. Beidh tuairiscí rialta á scríobh aici do NÓS faoi eachtraí agus éachtaí mhná na hÉireann.

Tá foireann na hÉireann ag dul ó neart go neart na laethanta seo, ainneoin dhrochthoradh na hoíche aréir.  Níl sé ach cúpla mí ó fuair Amber Barrett an cúl iontach i gcoinne na hAlban chun áit a fháil i gCorn Domhanda 2023 san Astráil agus sa Nua-Shéalainn. Moladh Barrett go hard na spéire as an gcúl sin agus bronnadh Cúl Idirnáisiúnta na Bliana uirthi mar chuid de Ghaisce Idirnáisiúnta FAI ar an 20 Meitheamh i dTeach an Ardmhéara.

Bhí dhá chluiche chairdiúla ag na mná mar ullmhúchán don Chorn Domhanda san Astráil, i gcoinne na Saimbia ar an 22 Meitheamh agus i gcoinne na Fraince aréir.

Fógraíodh Foireann na hÉireann ar an 28 Meitheamh agus tá siad ag taisteal chun na hAstráile inniu.  Beidh an fhoireann lonnaithe in Brisbane don tréimhse.

Tugann an gaisce seo spreagadh agus inspoiráid do chailíní óga agus léiríonn sé go bhfuil áit thábhachtach ag spórt na mban taobh le spórt na bhfear.  Ag ócáid i dTeach Farmleigh le linn na seachtaine, dúradh go gcuirfeadh an rialtas maoiniú breise suas le €500,000 ar fáil chun sacar na mban a fhorbairt agus le tacú le himreoirí idir óg agus aosta.

“Is trí obair dhian, dúthracht agus díograis na n-imreoirí, na gcóitseálaithe agus gach duine a ghabhann leis an bhfoireann a bhain Foireann na mBan áit i gCorn Domhanda” a dúirt an Taoiseach Leo Varadkar ar a chuntas Twitter.

Beidh an chéad chluiche ag na mná sa ghrúpa B in Sydney (Staid na hAstráile) in aghaidh na hAstráile ar an 20 Iúil 11:00 (am na hÉireann).  Tá dhá chluiche eile acu in aghaidh Cheanada in Perth (Staid Rectangular) agus in aghaidh na Nigéire in Brisbane (Staid Lang).

Go n-éirí an bóthar libh, a chailíní!

SCÉALTA EILE