Muir nIocht sáraithe ag snámhaí Ciarraíoch

D’éirigh le Elaine Burrows Dillane Muir nIocht, an fharraige idir Sasana agus an Fhrainc, a shnámh inniu. Tháinig Elaine i dtír sa Fhrainc ag thart ar 20.00 inniu. D’fhág sí cósta Dobhar i Sasana thart ar 12 uair an chloig roimhe sin. Bhí súil aici an t-éacht a dhéanamh laistigh de 16 uair an chloig. 

Bíonn idir 32km agus 44km slí idir Dobhar agus Calais, ag braith ar an taoide. 

Is í Elaine an chéad bhean as Ciarraí a shnámh ó Dobhar go Calais.

€13,000 bailithe ag Elaine ar son Brain Tumour Ireland, níos mó ná mar a bhí súil aici leis, agus beidh an leathanach tiomsaithe airgid oscailte go ceann tamaill. 

De réir na dtuairiscí farraige bhí an teocht an uisce chomh idir 11˚C  agus 18˚C inniu. 

Bhí tuairisc iomlán ag Sláine Ní Chathalláin ar NÓS an tseachtain seo caite faoi iarracht Elaine Muir nIocht a shnámh.

SCÉALTA EILE