Ná cuirtear an milleán ar BÁC agus Páirc an Chrócaigh

Tá go leor ráite le seachtain faoin ‘éagóir’ atá Páirc an Chrócaigh ag déanamh ar chontaetha éagsúla, le teann fabhair Bhaile Átha Cliath. Is cosúil go bhfuil Cill Dara ag spreagadh daoine. Dún na nGall anois atá ag déanamh an cháis in aghaidh sceidealú cluiche ceathrú ceannais in aghaidh Bhaile Átha Cliath i bPáirc an Chrócaigh, agus iad ag rá go bhfuil sé ag dul ó mheabhair orthu cén chaoi ar féidir an pháirc chéanna a úsáid mar pháirc baile, agus mar pháirc neodrach. 

Is léir go raibh lucht Thír Chonaill ag súil go scaipeadh ‘Earrach na nGael’ siar ó thuaidh. Ach, bhí an cluiche ar an Droichead Nua ag dul go Cill Dara mar gheall ar an tarraingt a rinneadh. Bhí a fhios ag Dún na nGall cén leagan amach a bhí ar an gcuid seo den chomórtas le fada an lá. Ní hamháin sin, ach vótáil a gcuid oifigeach féin don fhormáid nua ag comhdháil Chumann Lúthchleas Gael. 

Don té nach mbeadh mórán eolais acu ar chúrsaí CLG, bheadh siad cinnte leis an méid atá scríofa go raibh leatrom á dhéanamh ar chuile dhuine seachas ar Bhaile Átha Cliath. Ach an bhfuil? Mar shampla, anuraidh cuireadh iallach ar iománaithe an chontae cluiche cáilithe in aghaidh Thiobraid Árann a imirt i Staid Semple, cé go raibh an cluiche in ainm agus a bheith á imirt in áit neodrach. Tharla an rud céanna dóibh trí bliana ó shin. Ní sheastar an fód ach do chúpla duine a shílfeá. 

An tseachtain seo caite, ní raibh mórán i gCill Dara a throid cás a gcuid iománaithe nuair a bhí orthu cluiche cáilithe a imirt in aghaidh Chontae Aontroma in Ard Mhacha, taobh istigh de sheachtain ó bhí cluiche crua acu. Níor scaoileadh lucht iomána faoi aois na Gaillimhe isteach i gcraobh Laighean go dtí i mbliana, agus go deimhin, níor imríodh aon chluiche craoibhe sinsir i nGaillimh go dtí an Bhealtaine seo caite, cé go raibh Gaillimh sa gcomórtas le deich mbliana. 

Rud a chiallaigh gur chaith lucht tacaíochta an iarthair a gcuid cluichí ‘baile’ ar fad a imirt ar an Tulach Mhór. Bíonn buntáiste ag Ciarraí sa gcraobh peile chuile bhliain. Cuimhnigh go bhfuil Corn Mhig Uidhir buaite níos minice acu ná ag aon chontae eile, agus baineann go leor den rath sin ar an mbóthar éasca atá acu sa chomórtas i gcomparáid le foirne eile. 

Nílim ag rá gur cheart do Chill Dara ná Dún na nGall, ná aon fhoireann eile glacadh le aon rud a cheaptar atá mí-chóir. In áit a bheith ag cuir an mhilleán ar Bhaile Átha Cliath agus an tacaíocht atá acu, ba cheart dúinn breathnú orainn féin agus na boird contae.

Níor cheart go mbeadh aon duine againn sásta glacadh leis go bhfuil an cosán níos éasca do dhream amháin seachas dream eile. Tá an lá sin imithe. Tá sé in am ag na fir (mar is fir den chuid is mó a dhéanann na cinnte ag an gcomhdháil) freagracht a ghlacadh seachas a bheith ag olagón. Tá sé in am stopadh ag cur an mhilleán ar Bhaile Átha Cliath agus ar Pháirc an Chrócaigh. Tá éacht bainte amach acu faoi bhainistíocht Jim Gavin, agus níl aon bhaint ag fabhraíocht leis sin. 

SCÉALTA EILE