Nach mór an stáitse a fuair an Ghaeilge aréir…

Tharla plé sochtheangeolaíoch inspéise idir Conor McGregor agus Khabib Nurmagomedov agus iad ag leibhéal a chéile sna laethanta roimh a dtroid mhór. Ba léir go raibh Conor ar a chaid ar fad, agus a tháirge uisce beatha féin á chomóradh aige mar chuid den phreasócáid a reáchtáladh in New York aréir — chuir sé i gcuimhne dom an cleas a tharraing Roy Keane chuige féin ó thaobh poiblíocht a lorg dá leabhar nua sna laethanta roimh chluichí na hÉireann i gcoinne Ghiobráltar agus na Gearmáine agus é féin in ainm is a bheith mar bhainisteoir cúnta ar an bhfoireann náisiúnta. 

Is cosúil gur admhaigh Dana White go raibh Proper No. Twelve, uisce beatha McGregor, mar urraitheoir oifigiúil ar an ócáid troda a tharlóidh ar an 6 Deireadh Fómhair, ach ní fios an ag caint lena theanga ina leathphluc a bhí sé. 

An cheist a chuir Khabib ar Conor an choráiste, is gá í a chur i gcónaí ar aon Éireannach a thosnaíonn ag caint go maíteach áiféiseach Béarlach ar ghaiscí na hÉireann: cad a d’imigh ar bhur dteanga? D’fhreagair McGregor é leis an bhfuta fata gnáthúil mar gheall ar chead dul go dtí an leithreas. 

Bhain sé casadh breise áfach as an nath le tagairt a dhéanamh d’eachtra an bhus a thit amach eatarthu tamall de mhíonna ó shin. Mhaígh Khabib idir Bhéarla, Araibis, Dhagastáinis agus Thuircis a bheith aige an uair sin. De bharr a chúla creidimh a bheadh Araibis aige, ní foláir, ach an cheist a bhí ag dó na geirbe ag an Dagastánach ná canathaobh gur Béarla a bhíonn ag Conor. 

Bhris an Ghaelscoilis amach trí shúile an chait agus ceol na bhforainmneacha réamhfhoclacha ligthe le sruth ag trodaí Thamhlachta: “an bhfuil cead AG TUSA dul go dtí an leithreas”. D’fhiafraigh Khabib an uair sin cén fhadhb a bhí le Béarla Conor, ach is leis an nGaeilge dar ndóigh a bhí an fhadhb aige le ceart! 

D’fhreagair Conor arís as Gaeilge é agus frása códmheascach an uair seo aige a raibh dul nádúrtha go leor air: “níl aon f*cking problem le mo English”. Nach mór an stáitse a fuair an Ghaeilge aréir, dá bhriste í. Féach ar an bhfíseán!

SCÉALTA EILE