Faoi dheireadh, tá fhios againn cén geansaí a bheidh ar dhroim Declan Rice, ach ní geansaí glas na hÉireann a bheidh ann. Tá a chinneadh déanta aige.
Chuaigh an rud ar fad i bhfad scéil, ach ní chuirfinn aon mhilleán ar an bhfear óg. Ní raibh aon neart aige-san air go raibh a fhios ag an domhan mór go raibh sé i mbun machnaimh agus ba cheart am a bheith tugtha dó lena chinneadh a dhéanamh.
Tá sé áisiúil go bhfuil Declan Rice againn le bheith ag caint air, seachas breathnú orainn féin agus na struchtúir thacaíochta atá againn d’imreoirí óga na hÉireann.
Bhí uair ann go raibh imreoirí speisialta in ann dul chuig Sasana, agus slí bheatha a bhaint amach, nó ar a laghad, forbairt a dhéanamh ar a gcuid scileanna.
Níl an oiread céanna deiseanna acu níos mó, agus in ainneoin sin, níl dóthain déanta ag na húdaráis anseo chun an bhearna a líonadh. Ba cheart go mbeadh imreoirí óga in ann fanacht in Éirinn, imirt, a gcuid oideachais a fháil agus Príomhroinn Shasana a bhaint amach.
Faoi láthair, táimid ag easpórtáil imreoirí óga go dtí na mionsraitheanna agus, go hiondúil, filleann an chuid is mó acu gan mórán acu seachas easpa oideachais agus briseadh croí.
Bhí ag éirí leis an FAI le blianta, ag braith ar Shasana chun forbairt a dhéanamh ar imreoirí, nó ag súil go mbeadh dóthain fir óga de bhunú na hÉireann sa mBreatain, a bheadh sásta aislingí a sinsear a chur i gcríoch agus seasamh le hAmhrán na bhFiann seachas God Save the Queen.
Bhí an chraic chéanna ann cúpla bliain ó shin le Jack Grealish, níor athraigh tada, agus tá an rud céanna tarlaithe arís le Rice. Tá faitíos orm nach n-athróidh faic an uair seo ach oiread. Cén uair a bheidh muid sásta ceacht a fhoghlaim agus infheistíocht a dhéanamh i sacar na hÉireann?
Ní shin le rá nach bhfuil aon infheistíocht á dhéanamh, ach bainisteoirí atá ag fáil an airgid agus muid ag íoc daoine mar Giovanni Trapattoni, Martin O’Neill agus Roy Keane, agus ansin ag tabhairt tuilleadh airgid dóibh le n-imeacht as an mbealach nuair nach n-éiríonn leo sprioc éigin a bhaint amach.
Is cuma cé chomh maith atá bainisteoir. Níl draíocht acu chun imreoir idirnáisiúnta a chruthú. Ag cur snas ar imreoirí speisialta an ról gur cheart a bheadh ag bainisteoir idirnáisiúnta, agus níl an deis sin á tabhairt dóibh.
A fhad agus atáimid ag braith ar thíortha eile an tallann a fhorbairt, tarlóidh rudaí cosúil le conspóid Declan Rice. B’fhéidir gur i dtreo Chár Tallainne na nÓg FAI gur cheart an t-airgead mór a chur agus ní sa sacar idirnáisiúnta.
Go ceann cúpla bliain ar aon chuma, go dtí go mbeidh caighdeán na n-imreoirí feabhsaithe anseo in Éirinn. Tá sé in am againn breathnú ar a bhfuil seachas a bheith ag caoineadh i ndiaidh rudaí nach bhfuil againn.